|
+Airteagal 3 7. |
Airteagal 3 7.Áiritheoidh na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh acu an dócha go ndéanfaidh iompraíocht a liostaítear i mír 2, pointí (a), go (e), pointe (f)(ii), pointí (i) go (m) agus pointe (r), damáiste do cháilíocht an aeir, nó na hithreach, nó do cháilíocht nó stádas an uisce, nó d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí, go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha:
(a)
baineann an iompraíocht le gníomhaíocht a mheastar a bheith contúirteach nó dainséarach don chomhshaol nó do shláinte an duine, agus ar gníomhaíocht í a dteastaíonn údarú ina leith nach bhfuarthas nó nár comhlíonadh;
(b)
a mhéid a sháraítear tairseach rialála, luach nó paraiméadar éigeantach eile a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b), nó in údarú arna eisiúint le haghaidh na gníomhaíochta ábhartha;
(c)
an bhfuil an t-ábhar nó an tsubstaint aicmithe mar ábhar contúirteach nó guaiseach nó liostaithe ar bhealach eile mar ábhar nó substaint atá díobhálach don chomhshaol nó do shláinte an duine. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|