+Airteagal 7 Pionóis do dhaoine dlítheanacha
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.

Airteagal 7 Pionóis do dhaoine dlítheanacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhuine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6(1) nó (2).
Airteagal 7 2.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-áireofar fíneálacha sna pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla a fhorchuirtear ar dhaoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6(1) nó (2) i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh sna pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó sna bearta coiriúla nó neamhchoiriúla a fhorchuirtear ar na daoine dlítheanacha sin:

(a) 

oibleagáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

an comhshaol a athchóiriú laistigh de thréimhse áirithe, má tá an damáiste inchúlaithe; nó

(ii) 

cúiteamh a íoc as an damáiste don chomhshaol, má tá an damáiste dochúlaithe nó mura bhfuil an ciontóir in ann an t-athchóiriú sin a dhéanamh;

(b) 

eisiamh ó theidlíocht i leith sochair phoiblí nó cúnamh poiblí;

(c) 

eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais, lamháltais agus ceadúnais;

(d) 

dícháiliú sealadach nó buan ó ghníomhaíochtaí gnó a chleachtadh;

(e) 

ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú a raibh an cion coiriúil ábhartha mar thoradh orthu a tharraingt siar;

(f) 

cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(g) 

foirceannadh breithiúnach;

(h) 

bunaíochtaí a dhúnadh a úsáidtear chun an cion a dhéanamh;

(i) 

oibleagáid chun scéimeanna díchill chuí a bhunú chun comhlíonadh caighdeán comhshaoil a fheabhsú;

(j) 

i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, foilsiú an chinnidh bhreithiúnaigh ina iomláine, nó cuid de, ar cinneadh é a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, gan dochar do rialacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 7 3.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla a fhorchur, ar a laghad, ar dhaoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6(1) i leith na gcionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), agus beidh méid na bhfíneálacha sin comhréireach le tromchúis na hiompraíochta agus le himthosca aonair agus airgeadais agus le himthosca eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach lú uasleibhéal na bhfíneálacha sin ná an méid seo a leanas:

(a) 

i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (a) go (l), agus pointí (p), (s) agus (t):

(i) 

5 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a ghearradh, nó

(ii) 

méid a chomhfhreagraíonn do EUR 40 000 000 ;

(b) 

i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (m), (n), (o), (q) agus pointe (r):

(i) 

3 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a ghearradh, nó

(ii) 

méid a chomhfhreagraíonn do EUR 24 000 000 ;

Féadfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú le haghaidh cásanna nach féidir méid na fíneála a chinneadh ar bhonn láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a fhorchur.

Airteagal 7 4.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla níos déine ná na pionóis nó na bearta is infheidhme maidir leis na cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2) a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6 i leith na gcionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1203
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.