+Airteagal 7 2.

Airteagal 7 2.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-áireofar fíneálacha sna pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla a fhorchuirtear ar dhaoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6(1) nó (2) i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh sna pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó sna bearta coiriúla nó neamhchoiriúla a fhorchuirtear ar na daoine dlítheanacha sin:

(a) 

oibleagáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

an comhshaol a athchóiriú laistigh de thréimhse áirithe, má tá an damáiste inchúlaithe; nó

(ii) 

cúiteamh a íoc as an damáiste don chomhshaol, má tá an damáiste dochúlaithe nó mura bhfuil an ciontóir in ann an t-athchóiriú sin a dhéanamh;

(b) 

eisiamh ó theidlíocht i leith sochair phoiblí nó cúnamh poiblí;

(c) 

eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais, lamháltais agus ceadúnais;

(d) 

dícháiliú sealadach nó buan ó ghníomhaíochtaí gnó a chleachtadh;

(e) 

ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú a raibh an cion coiriúil ábhartha mar thoradh orthu a tharraingt siar;

(f) 

cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(g) 

foirceannadh breithiúnach;

(h) 

bunaíochtaí a dhúnadh a úsáidtear chun an cion a dhéanamh;

(i) 

oibleagáid chun scéimeanna díchill chuí a bhunú chun comhlíonadh caighdeán comhshaoil a fheabhsú;

(j) 

i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, foilsiú an chinnidh bhreithiúnaigh ina iomláine, nó cuid de, ar cinneadh é a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, gan dochar do rialacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1203
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.