|
+Airteagal 3 2. |
Airteagal 3 2.Áireofar an méid seo a leanas i ngach plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh:
(a)
forléargas ar an stoc náisiúnta foirgneamh do chineálacha éagsúla foirgneamh, lena n-áirítear a sciar sa stoc náisiúnta foirgneamh, tréimhsí tógála agus criosanna aeráide, bunaithe, mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh agus an bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 22, forléargas ar bhacainní margaidh agus teipeanna margaidh agus forléargas ar na hacmhainneachtaí in earnálacha na tógála, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh in-athnuaite agus, sciar na dteaghlach leochaileach bunaithe, mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh;
(b)
treochlár ina bhfuil spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus táscairí dul chun cinn intomhaiste, lena n-áirítear an laghdú ar líon na ndaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu, ag féachaint do sprioc 2050 maidir le neodracht aeráide a bhaint amach, chun stoc náisiúnta foirgneamh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a áirithiú agus chun na foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050;
(c)
forléargas ar na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe, lena dtacaítear le cur chun feidhme an treochláir de bhun phointe (b);
(d)
achoimre ar na riachtanais infheistíochta chun an plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme, na foinsí maoinithe agus na bearta maoinithe, agus na hacmhainní riaracháin le haghaidh athchóiriú foirgneamh.
(e)
na tairseacha le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla agus le haghaidh éileamh fuinnimh phríomhúil bliantúil i bhfoirgneamh astaíochtaí nialasacha nua nó athchóirithe, de bhun Airteagal 11;
(f)
íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad ar bhonn uastairseacha feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 9(1);
(g)
conair náisiúnta le haghaidh athchóiriú ar an stoc foirgneamh cónaithe, lena n-áirítear garspriocanna 2030 agus 2035 le haghaidh meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) de bhun Airteagal 9(2); agus
(h)
meastachán fianaisebhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cáilíocht na timpeallachta laistigh. Áireofar sa treochlár dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo spriocanna náisiúnta le haghaidh 2030, 2040 agus 2050 a mhéid a bhaineann leis an ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil, tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus deiridh an stoic náisiúnta foirgneamh agus a laghduithe oibríochtúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; amlínte sonracha d’fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad chun tairseacha uasta feidhmíochta fuinnimh níos ísle a chomhlíonadh de bhun Airteagal 9(1), faoi 2040 agus 2050, i gcomhréir leis an gconair chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha; agus meastachán fianaisebhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cáilíocht na timpeallachta laistigh. I gcás ina bhfuil forléargas ar bheartais shonracha agus ar bhearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (c) nó achoimre ar riachtanais shonracha infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (d) san áireamh cheana sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, féadfar tagairt shoiléir do na codanna ábhartha de na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur san áireamh sa phlean athchóirithe foirgneamh in áit forléargas lánfhorbartha; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|