+Airteagal 3 Plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
---+Airteagal 3 7.
---+Airteagal 3 8.
---+Airteagal 3 9.

Airteagal 3 Plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Bunóidh gach Ballstát plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh chun athchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad, idir fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideach araon, ina stoc foirgneamh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe faoi 2050 a áirithiú, agus é mar chuspóir aige na foirgnimh atá ann faoi láthair a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha.
Airteagal 3 2.

Áireofar an méid seo a leanas i ngach plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh:

(a) 

forléargas ar an stoc náisiúnta foirgneamh do chineálacha éagsúla foirgneamh, lena n-áirítear a sciar sa stoc náisiúnta foirgneamh, tréimhsí tógála agus criosanna aeráide, bunaithe, mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh agus an bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 22, forléargas ar bhacainní margaidh agus teipeanna margaidh agus forléargas ar na hacmhainneachtaí in earnálacha na tógála, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh in-athnuaite agus, sciar na dteaghlach leochaileach bunaithe, mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh;

(b) 

treochlár ina bhfuil spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus táscairí dul chun cinn intomhaiste, lena n-áirítear an laghdú ar líon na ndaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu, ag féachaint do sprioc 2050 maidir le neodracht aeráide a bhaint amach, chun stoc náisiúnta foirgneamh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a áirithiú agus chun na foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050;

(c) 

forléargas ar na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe, lena dtacaítear le cur chun feidhme an treochláir de bhun phointe (b);

(d) 

achoimre ar na riachtanais infheistíochta chun an plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme, na foinsí maoinithe agus na bearta maoinithe, agus na hacmhainní riaracháin le haghaidh athchóiriú foirgneamh.

(e) 

na tairseacha le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla agus le haghaidh éileamh fuinnimh phríomhúil bliantúil i bhfoirgneamh astaíochtaí nialasacha nua nó athchóirithe, de bhun Airteagal 11;

(f) 

íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad ar bhonn uastairseacha feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 9(1);

(g) 

conair náisiúnta le haghaidh athchóiriú ar an stoc foirgneamh cónaithe, lena n-áirítear garspriocanna 2030 agus 2035 le haghaidh meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) de bhun Airteagal 9(2); agus

(h) 

meastachán fianaisebhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cáilíocht na timpeallachta laistigh.

Áireofar sa treochlár dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo spriocanna náisiúnta le haghaidh 2030, 2040 agus 2050 a mhéid a bhaineann leis an ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil, tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus deiridh an stoic náisiúnta foirgneamh agus a laghduithe oibríochtúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; amlínte sonracha d’fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad chun tairseacha uasta feidhmíochta fuinnimh níos ísle a chomhlíonadh de bhun Airteagal 9(1), faoi 2040 agus 2050, i gcomhréir leis an gconair chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha; agus meastachán fianaisebhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cáilíocht na timpeallachta laistigh.

I gcás ina bhfuil forléargas ar bheartais shonracha agus ar bhearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (c) nó achoimre ar riachtanais shonracha infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (d) san áireamh cheana sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, féadfar tagairt shoiléir do na codanna ábhartha de na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur san áireamh sa phlean athchóirithe foirgneamh in áit forléargas lánfhorbartha;

Airteagal 3 3.
Déanfaidh gach Ballstát a dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 5 bliana, tríd an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid. Tíolacfaidh gach Ballstát a dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh mar chuid dá dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus, i gcás ina dtíolacfaidh na Ballstáit dréacht cothrom le dáta, mar chuid den dréacht cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit an chéad dréachtphlean athchóirithe foirgneamh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2025.

Airteagal 3 4.
Chun tacú le forbairt a phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh, déanfaidh gach Ballstát comhairliúchán poiblí maidir lena dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é. Beidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus comhpháirtithe socheacnamaíocha eile rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí go háirithe, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus comhlachtaí a oibríonn le teaghlaigh leochaileacha. Cuirfidh gach Ballstát achoimre ar thorthaí a chomhairliúcháin phoiblí mar iarscríbhinn a ghabhann lena dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh. Féadfar an comhairliúchán poiblí a chomhtháthú mar chuid den chomhairliúchán poiblí arna dhéanamh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999.
Airteagal 3 5.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh arna dtíolacadh de bhun mhír 3, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an leor leibhéal uaillmhéine na spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus an bhfuil an leibhéal uaillmhéine sin i gcomhréir leis na gealltanais náisiúnta maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a leagtar síos sna pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid;

(b) 

an leor na beartais agus na bearta chun na spriocanna a bunaíodh go náisiúnta a bhaint amach;

(c) 

an leor leithdháileadh acmhainní buiséadacha agus riaracháin chun an plean a chur chun feidhme;

(d) 

an bhfuil na foinsí maoiniúcháin agus na bearta dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (d), den Airteagal seo i gcomhréir leis an laghdú atá beartaithe ar an mbochtaineacht fuinnimh dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo;

(e) 

an dtugtar tosaíocht sna pleananna d’athchóiriú na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla i gcomhréir le hAirteagal 9;

(f) 

an raibh an comhairliúchán poiblí de bhun mhír 4 cuimsitheach a dhóthain; agus

(g) 

an gcomhlíonann na pleananna ceanglais mhír 1 agus an teimpléad in Iarscríbhinn II.

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 33 den Treoir seo, féadfaidh an Coimisiún moltaí tírshonracha a eisiúint do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Maidir leis an gcéad dréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh, féadfaidh an Coimisiún moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a eisiúint chuig na Ballstáit tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Bhallstát an plean sin a thíolacadh.

Airteagal 3 6.
Maidir lena dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh, tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar aon mholtaí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún maidir leis an dréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh. Mura dtéann an Ballstát lena mbaineann i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát cúiseanna don Choimisiún agus cuirfidh sé na cúiseanna sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 3 7.
Déanfaidh gach Ballstát a phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 5 bliana, tríd an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid. Tíolacfaidh gach Ballstát a phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus, i gcás ina dtíolacfaidh Ballstát dréacht cothrom le dáta, mar chuid den tabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit an chéad dréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2026.

Airteagal 3 8.
Cuirfidh gach Ballstát isteach mionsonraí ar chur chun feidhme na straitéise athchóirithe fadtéarmaí nó an phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh is déanaí uaidh mar iarscríbhinn a ghabhann leis an gcéad phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh eile, ina sonraítear ar baineadh a spriocanna náisiúnta amach.
Airteagal 3 9.
Áireoidh gach Ballstát ina thuarascálacha comhtháite náisiúnta ar dhul chun cinn maidir le fuinneamh agus aeráid, i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2018/1999, faisnéis maidir le cur chun feidhme na spriocanna náisiúnta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo. Gach 2 bhliain, áireoidh an Coimisiún ina thuarascáil bhliantúil ar Staid an Aontais Fuinnimh arna tíolacadh de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le hathchóiriú stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus na bhfoirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad, idir fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha araon, i gcomhréir leis na treochláir a leagtar amach sna pleananna athchóirithe foirgneamh, bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag na Ballstáit ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn. Déanfaidh an Coimisiún faireachán bliantúil ar fhorbairt fheidhmíocht fuinnimh stoc foirgneamh an Aontais, ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil ó Eurostat agus ó fhoinsí eile, agus foilseoidh sé an fhaisnéis trí Fhaireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.