|
+Airteagal 3 5. |
Airteagal 3 5.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh arna dtíolacadh de bhun mhír 3, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an leor leibhéal uaillmhéine na spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus an bhfuil an leibhéal uaillmhéine sin i gcomhréir leis na gealltanais náisiúnta maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a leagtar síos sna pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid;
(b)
an leor na beartais agus na bearta chun na spriocanna a bunaíodh go náisiúnta a bhaint amach;
(c)
an leor leithdháileadh acmhainní buiséadacha agus riaracháin chun an plean a chur chun feidhme;
(d)
an bhfuil na foinsí maoiniúcháin agus na bearta dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (d), den Airteagal seo i gcomhréir leis an laghdú atá beartaithe ar an mbochtaineacht fuinnimh dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo;
(e)
an dtugtar tosaíocht sna pleananna d’athchóiriú na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla i gcomhréir le hAirteagal 9;
(f)
an raibh an comhairliúchán poiblí de bhun mhír 4 cuimsitheach a dhóthain; agus
(g)
an gcomhlíonann na pleananna ceanglais mhír 1 agus an teimpléad in Iarscríbhinn II. Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 33 den Treoir seo, féadfaidh an Coimisiún moltaí tírshonracha a eisiúint do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999. Maidir leis an gcéad dréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh, féadfaidh an Coimisiún moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a eisiúint chuig na Ballstáit tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Bhallstát an plean sin a thíolacadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|