|
+Airteagal 14 8. |
Airteagal 14 8.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bearta chun an nós imeachta maidir le pointí athluchtaithe a shuiteáil i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana, idir fhoirgnimh chónaithe agus fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad, go háirithe i bhfoirgnimh cumann comhúinéirí, a shimpliú, a chomhchuibhiú agus a luathú, agus chun bacainní rialála a bhaint, lena n-áirítear nósanna imeachta ceada agus formheasa ó údaráis phoiblí, gan dochar do dhlí maoine agus tionóntachta na mBallstát. Bainfidh na Ballstáit bacainní ar shuiteáil pointí athluchtaithe i bhfoirgnimh chónaithe le spásanna páirceála, go háirithe an gá atá ann toiliú a fháil ón tiarna talún nó ó na comhúinéirí le haghaidh pointe athluchtaithe príobháideach dá n-úsáid féin. Ní fhéadfar iarraidh ó thionóntaí nó ó comhúinéirí cead a fháil bonneagar athluchtaithe a shuiteáil i spás páirceála a dhiúltú ach amháin má tá forais thromchúiseacha dhlisteanacha ann chun í a dhiúltú. Gan dochar dá ndlí maoine agus tionóntachta, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar bhacainní riaracháin maidir leis an iarratas chun pointe athluchtaithe a shuiteáil i bhfoirgneamh ina bhfuil aonaid foirgnimh chónaithe iomadúla ag cumainn tionóntaí nó comhúinéirí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúnamh teicniúil ar fáil d’úinéirí foirgnimh agus do thionóntaí ar mian leo pointí athluchtaithe agus spásanna páirceála do rothair a shuiteáil. Maidir le foirgnimh chónaithe, déanfaidh na Ballstáit a machnamh maidir le scéimeanna tacaíochta a thabhairt isteach chun pointí athluchtaithe, réamhcháblú nó duchtáil a shuiteáil le haghaidh spásanna páirceála i gcomhréir le líon na bhfeithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|