|
+Airteagal 18 4 |
Airteagal 18 44. I gcás inar dóigh leis na Ballstáit go bhfuil, mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) nó (b) infheidhme, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir 2029 maidir leis sin agus faoin treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá riachtanach chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na coinníollacha agus an chúis arna hagairt don chur siar a leagtar amach sa mhír sin comhlíonta. I gcás inar dóigh leis na Ballstáit nach féidir gnóthú a bhaint amach faoi spriocdháta gnóthachtála a cuireadh siar i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir 2034 agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis an treochlár aercháilíochta nuashonraithe dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá riachtanach chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na coinníollacha agus an chúis arna hagairt don dara cur siar agus don chur siar deireanach a leagtar amach sa mhír sin comhlíonta. Maidir leis na réamh-mheastacháin a thugtar mar chúis leis an gcur siar, tabharfaidh na Ballstáit údar cuí leis na modhanna mar aon leis na sonraí a úsáidtear chun na réamh-mheastacháin sin a fháil. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na réamh-mheastacháin aercháilíochta arna soláthar ag an mBallstát lena mbaineann, na héifeachtaí measta ar aercháilíocht chomhthimpeallach sa Bhallstát sin a bheadh ag bearta arna nglacadh ag an mBallstát sin chomh maith le héifeachtaí measta ar aercháilíocht chomhthimpeallach ar bhearta an Aontais. I gcás nach bhfuil aon agóid déanta ag an gCoimisiún laistigh de 9 mí tar éis an fógra sin a fháil, measfar na coinníollacha ábhartha do chur i bhfeidhm mhír 1 a bheith comhlíonta. Má dhéantar agóid, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann treochlár aercháilíochta a choigeartú nó treochlár aercháilíochta nua a sholáthar chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|