2. Agus na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á mbunú, féadfaidh na Ballstáit, ag brath ar an gcás ar leith, foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha chun gníomhaíochtaí a rialú agus, más gá, gníomhaíochtaí a chur ar fionraí go sealadach ar gníomhaíochtaí iad a chuireann leis an riosca go sárófar na teorainnluachanna nó na spriocluachanna nó tairseach foláirimh faoi seach. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin liosta na mbeart a leagtar amach in Iarscríbhinn IX dá bpleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha, agus ag brath ar sciar na bpríomhfhoinsí truaillithe chuig na sáruithe ar a dtabharfar aghaidh, breithneoidh siad ar bhearta i ndáil le gníomhaíochtaí amhail iompar, oibreacha foirgníochta, suiteálacha tionsclaíocha, talmhaíocht agus úsáid táirgí agus téamh baile a áireamh, i gcás inarb iomchuí, sna pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin. Cuirfear gníomhartha sonracha a dhírítear ar chosaint a thabhairt do dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, san áireamh freisin i gcreat na bpleananna sin.