+Airteagal 20 Pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha
---+Airteagal 20 1
---+Airteagal 20 2
---+Airteagal 20 3
---+Airteagal 20 4
---+Airteagal 20 5
---+Airteagal 20 6
|
Airteagal 20 Pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1
|
1. I gcás ina bhfuil baol ann, i limistéar ar leith, go sáróidh leibhéil na dtruailleán ceann amháin nó níos mó de na tairseacha foláirimh a shonraítear i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na Ballstáit pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú ina sonrófar na bearta éigeandála a dhéanfar sa ghearrthéarma chun riosca nó fad an tsáraithe sin a laghdú.
I gcás, áfach, ina bhfuil baol ann go sárófar an tairseach foláirimh ózóin, d’fhéadfadh na Ballstáit gan na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin a bhunú i gcás nach bhfuil féidearthacht shuntasach ann, ag cur dálaí náisiúnta geografacha, meitéareolaíochta agus eacnamaíocha san áireamh, chun riosca, fad nó déine an tsáraithe sin a laghdú.
Maidir le hábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), i gcás ina bhfuil teorainn mhór leis an bhféidearthacht atá ann an riosca go dtarlódh sárú den sórt sin a laghdú, agus dálaí áitiúla geografacha agus meitéareolaíocha agus sainiúlachtaí na gcóras téimh baile á gcur san áireamh, féadfaidh na Ballstáit plean gníomhaíochta gearrthéarmach a bhunú nach ndíreofar leis ach ar ghníomhaíochtaí sonracha arb é is aidhm dóibh an pobal i gcoitinne agus an daonra íogair agus grúpaí leochaileacha araon a chosaint, chomh maith le faisnéis shothuigthe faoin iompar a mholtar chun nochtadh don sárú tomhaiste nó tuartha a laghdú.
|
|
Airteagal 20 2
|
2. Agus na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á mbunú, féadfaidh na Ballstáit, ag brath ar an gcás ar leith, foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha chun gníomhaíochtaí a rialú agus, más gá, gníomhaíochtaí a chur ar fionraí go sealadach ar gníomhaíochtaí iad a chuireann leis an riosca go sárófar na teorainnluachanna nó na spriocluachanna nó tairseach foláirimh faoi seach. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin liosta na mbeart a leagtar amach in Iarscríbhinn IX dá bpleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha, agus ag brath ar sciar na bpríomhfhoinsí truaillithe chuig na sáruithe ar a dtabharfar aghaidh, breithneoidh siad ar bhearta i ndáil le gníomhaíochtaí amhail iompar, oibreacha foirgníochta, suiteálacha tionsclaíocha, talmhaíocht agus úsáid táirgí agus téamh baile a áireamh, i gcás inarb iomchuí, sna pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin. Cuirfear gníomhartha sonracha a dhírítear ar chosaint a thabhairt do dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, san áireamh freisin i gcreat na bpleananna sin.
|
|
Airteagal 20 3
|
3. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an bpobal i gcomhréir le Treoir 2003/35/CE, agus leis na húdaráis inniúla ar dócha, de bharr a bhfreagrachtaí i réimse an truaillithe aeir agus na haercháilíochta, go mbeidh baint acu le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ghearrthéarmaigh, maidir le dréachtphleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha agus aon nuashonrú suntasach orthu sula gcuirfear bailchríoch orthu.
|
|
Airteagal 20 4
|
4. Nuair a bheidh plean gníomhaíochta gearrthéarmach bunaithe ag na Ballstáit, déanfaidh siad torthaí a gcuid imscrúduithe ar indéantacht agus ábhar pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sonracha chomh maith le faisnéis maidir le cur chun feidhme na bpleananna sin, a chur ar fáil don phobal agus d’eagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna daonra íogaire agus grúpaí leochaileacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghairmithe cúraim sláinte agus comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha.
|
|
Airteagal 20 5
|
5. Cuirfear pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha in iúl don Choimisiún laistigh de bhliain amháin ó dháta a nglactha faoi chuimsiú an tuairiscithe bhliantúil de bhun Airteagal 23.
|
|
Airteagal 20 6
|
6. Agus a bpleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha á mbunú acu, ina sonrófar na bearta éigeandála a dhéanfar, féadfaidh Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a eagrú chun gur féidir leis na Ballstáit iarrthacha tairbhiú de thaithí Ballstáit eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|