+Airteagal 5 Pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.

Airteagal 5 Pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Faoin 31 Nollaig 2033, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar plean comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh le haghaidh limistéir dhraenála na gceirtleán 100 000  p.e. agus níos mó.
Airteagal 5 2.

Sé mhí ar a dhéanaí tar éis an chéad nuashonraithe ar an bplean bainistithe abhantraí arna dhéanamh de bhun Airteagal 13(7) de Threoir 2000/60/CE tar éis an 1 Eanáir 2025 ach tráth nach déanaí ná an 22 Meitheamh 2028, bunóidh na Ballstáit liosta de cheirtleáin idir 10 000  p.e. agus 100 000  p.e. i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas, agus sonraí stairiúla, samhaltú agus réamh-mheastacháin úrscothacha i leith na haeráide á gcur san áireamh, lena n-áirítear éagsúlachtaí séasúracha, chomh maith leis na brúnna antrapaigineacha agus an measúnú tionchair a dhéantar faoin bplean bainistithe abhantraí:

(a) 

tá riosca ann don chomhshaol nó do shláinte an duine de dheasca forshreabhadh uisce stoirme;

(b) 

is mó an forshreabhadh uisce stoirme ná 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh arna bhailiú go bliantúil de na paraiméadair dá dtagraítear i dTábla 1 agus, i gcás inarb ábhartha, i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I, arna ríomh de réir sreabhadh uisce le linn triomaigh;

(c) 

ní féidir aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh de dheasca forshreabhadh uisce stoirme:

(i) 

na ceanglais a bunaíodh faoi Airteagal 5 de Threoir (AE) 2020/2184;

(ii) 

na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(3) de Threoir 2006/7/CE;

(iii) 

na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(iv) 

na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE;

(v) 

na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir 2008/56/CE;

(vi) 

na ceanglais a bhunaítear faoi Airteagal 3 de Threoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

(d) 

sainaithníodh pointí ábhartha i séaraigh ar leithligh i gcás ina bhfuiltear ag súil go ndéanfar rith chun srutha uirbeach a thruailliú ar bhealach inar féidir a mheas gur baol a sceitheadh isteach in uiscí glactha don chomhshaol nó do shláinte an duine nó ar bhealach nach féidir aon cheann de na ceanglais nó cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (c) a chomhlíonadh.

Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír gach 6 bliana tar éis a bhunaithe agus déanfaidh siad é a nuashonrú i gcás inar gá.

Airteagal 5 3.
Faoin 31 Nollaig 2039, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar plean comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh le haghaidh limistéir dhraenála na gceirtleán dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 5 4.
Cuirfear pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
Airteagal 5 5.
Áireofar sna pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh an méid a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar a laghad agus tabharfar tús áite do réitigh bonneagair ghlais agus ghoirm nuair is féidir.
Airteagal 5 6.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

modheolaíochtaí chun na bearta dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V a shainaithint;

(b) 

modheolaíochtaí chun táscairí malartacha a chinneadh lena fhíorú an mbaintear amach an cuspóir táscach i dtaca le truailliú a laghdú dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn V;

(c) 

an fhormáid ina bhfuil pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh le cur ar fáil don Choimisiún i gcás ina n-iarrtar sin i gcomhréir le mír 4.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 2 Eanáir 2028 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

Airteagal 5 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a athbhreithniú ar a laghad gach 6 bliana tar éis a mbunaithe agus go ndéanfar iad a nuashonrú i gcás inar gá. Tar éis an liosta dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt cothrom le dáta, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar pleananna comhtháite bainistithe le haghaidh ceirtleán laistigh de 6 bliana tar éis iad a chur ar an liosta sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.