|
+Airteagal 5 2. |
Airteagal 5 2.Sé mhí ar a dhéanaí tar éis an chéad nuashonraithe ar an bplean bainistithe abhantraí arna dhéanamh de bhun Airteagal 13(7) de Threoir 2000/60/CE tar éis an 1 Eanáir 2025 ach tráth nach déanaí ná an 22 Meitheamh 2028, bunóidh na Ballstáit liosta de cheirtleáin idir 10 000 p.e. agus 100 000 p.e. i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas, agus sonraí stairiúla, samhaltú agus réamh-mheastacháin úrscothacha i leith na haeráide á gcur san áireamh, lena n-áirítear éagsúlachtaí séasúracha, chomh maith leis na brúnna antrapaigineacha agus an measúnú tionchair a dhéantar faoin bplean bainistithe abhantraí:
(a)
tá riosca ann don chomhshaol nó do shláinte an duine de dheasca forshreabhadh uisce stoirme;
(b)
is mó an forshreabhadh uisce stoirme ná 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh arna bhailiú go bliantúil de na paraiméadair dá dtagraítear i dTábla 1 agus, i gcás inarb ábhartha, i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I, arna ríomh de réir sreabhadh uisce le linn triomaigh;
(c)
ní féidir aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh de dheasca forshreabhadh uisce stoirme:
(i)
na ceanglais a bunaíodh faoi Airteagal 5 de Threoir (AE) 2020/2184;
(ii)
na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(3) de Threoir 2006/7/CE;
(iii)
na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
(iv)
na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE;
(v)
na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir 2008/56/CE;
(vi)
na ceanglais a bhunaítear faoi Airteagal 3 de Threoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );
(d)
sainaithníodh pointí ábhartha i séaraigh ar leithligh i gcás ina bhfuiltear ag súil go ndéanfar rith chun srutha uirbeach a thruailliú ar bhealach inar féidir a mheas gur baol a sceitheadh isteach in uiscí glactha don chomhshaol nó do shláinte an duine nó ar bhealach nach féidir aon cheann de na ceanglais nó cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (c) a chomhlíonadh. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír gach 6 bliana tar éis a bhunaithe agus déanfaidh siad é a nuashonrú i gcás inar gá. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|