|
+Airteagal 6 3. |
Airteagal 6 3.Faoin 31 Nollaig 2035, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e., sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, ceanglais ábhartha maidir le cóireáil thánaisteach a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I. Gan dochar don fhéidearthacht modhanna malartacha dá dtagraítear i gCuid C, pointe 1, d’Iarscríbhinn I a úsáid, leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan na luachanna paraiméadracha i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh uastréimhse:
(a)
8 mbliana i gcás inar fíor an méid thíos an 1 Eanáir 2025 i bhfeidhm na Treorach seo:
(i)
i níos lú ná 50 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tá an sceitheadh fuíolluisce uirbigh faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I; nó
(ii)
tá níos lú ná 50 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I;
(b)
10 mbliana i gcás inar fíor an méid seo a leanas an 1 Eanáir 2025:
(i)
i níos lú ná 25 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tá an sceitheadh fuíolluisce uirbigh faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I; nó
(ii)
tá níos lú ná 25 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh an Bhulgáir, an Chróit agus an Rómáin maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa mhír seo ar feadh uastréimhse:
(a)
12 bhliain i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025,
(i)
i níos lú ná 50 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tá an sceitheadh fuíolluisce uirbigh faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I; nó
(ii)
tá níos lú ná 50 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I;
(b)
14 bliana i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025,
(i)
i níos lú ná 25 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tá an sceitheadh fuíolluisce uirbigh faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I; nó
(ii)
tá níos lú ná 25 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I. I gcás ina maolaíonn na Ballstáit ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad go n-áireofar an méid seo a leanas ina gcéad chlár náisiúnta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23:
(a)
líon na gceirtleán de 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e. nach bhfuil cóireáil thánaisteach acu an 1 Eanáir 2025;
(b)
plean ina sonraítear na hinfheistíochtaí is gá chun lánchomhlíonadh a bhaint amach do na ceirtleáin sin laistigh de na spriocdhátaí fadaithe; agus
(c)
na cúiseanna teicniúla nó eacnamaíocha is údar le síneadh a chur leis an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Ní bheidh feidhm le fadú an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an dara fomhír nó an tríú fomhír agus an cheathrú fomhír. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit mura bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh faoin 31 Iúil 2028. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|