+Airteagal 8 2.

Airteagal 8 2.

Faoin 31 Nollaig 2030, beidh liosta bunaithe ag na Ballstáit de na limistéir ar a gcríoch náisiúnta ina bhfuil riosca don chomhshaol nó do shláinte an duine mar thoradh ar an tiúchan nó carnadh micreathruailleán ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta sin in 2033, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin agus tabharfaidh siad cothrom le dáta é más gá.

Beidh na gnéithe seo a leanas ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2020/2184 ach amháin má léirítear sa mheasúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (b), den Treoir sin nach bhfuil riosca a d’fhéadfadh bheith ann le sceitheadh micreathruailleán ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh as a bhféadfadh meathlú teacht ar cháilíocht an uisce le go mbeadh sé ina riosca do shláinte an duine;

(b) 

uisce snámha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/7/CE mura léirítear leis an bpróifíl uisce snámha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin nach mbíonn aon éifeacht ag sceitheadh micreathruailleán ó fhuíolluisce uirbeach ar uiscí snámha ná ar shláinte snámhaithe;

(c) 

limistéir ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), ach amháin má tá na húdaráis inniúla náisiúnta sásta nach féidir le sceitheadh micreathruailleán ó fhuíolluisce uirbeach éifeacht a bheith aige ar shábháilteacht an earra bia agus é ina fhoirm chríochnaithe.

Cuimseofar ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na réimsí seo a leanas ar bhonn an mheasúnaithe ar na rioscaí don chomhshaol nó do shláinte an duine a eascraíonn sceitheadh micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach i ndáil leo seo a leanas:

(a) 

lochanna mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2000/60/CE iad;

(b) 

aibhneacha mar a shainmhínítear in Airteagal (2), pointe (4), de Threoir 2000/60/CE iad nó sruthanna eile uisce inar lú ná 10 an cóimheas caolúcháin;

(c) 

limistéir inar gá cóireáil bhreise a dhéanamh chun na ceanglais a leagtar amach i dTreoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE agus 2008/105/CE a chomhlíonadh;

(d) 

limistéir chaomhantais speisialta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (l), de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle ( 7 ) agus limistéir chosanta speisialta a aicmítear faoi Airteagal 4(1), an ceathrú fomhír, de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) ar cuid iad den líonra éiceolaíoch Natura 2000.

(e) 

uiscí cósta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2000/60/CE iad;

(f) 

uiscí trasdultacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Threoir 2000/60/CE iad;

(g) 

uiscí mara mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/56/CE iad.

Cuirfear an measúnú riosca dá dtagraítear sa tríú fomhír in iúl don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.