+Airteagal 15 4.

Airteagal 15 4.

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a mbonneagar bailithe agus cóireála fuíolluisce a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar ualaí méadaithe fuíolluisce teaghlaigh, lena n-áirítear bonneagar nua a thógáil i gcás inar gá.

Agus na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír á nglacadh, measfar go bhfuil na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE á gcomhlíonadh ag na Ballstáit má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

go bhfuil tógáil nó leathnú gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh chun ualaí méadaithe fuíolluisce teaghlaigh nó ualaí neamhchóireáilte fuíolluisce teaghlaigh ar bhealach eile a chóireáil faoi réir réamhúdarú i gcomhréir leis an Treoir seo;

(b) 

ar chúiseanna a bhaineann leis an indéantacht theicniúil nó le costas díréireach, nach féidir tairbhí an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh i bpointe (a) a bhaint amach ar mhodhanna eile a rannchuideodh leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE a bhaint amach, fiú pointí malartacha a aimsiú don sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh;

(c) 

go ndéantar na bearta maolúcháin uile atá indéanta go teicniúil chun tionchair dhiúltacha an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh ar na dobharlaigh a ndéantar difear dóibh a íoslaghdú agus go leagtar amach iad sna húdaruithe sonracha dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo agus san Airteagal seo; áireofar ar na bearta sin, i gcás inar gá, ceanglais chóireála a bheidh níos déine ná na ceanglais a bhíodh á gcur i bhfeidhm roimh don mhéadú teacht ar ualach an fhuíolluisce teaghlaigh, d’fhonn ceanglais na dTreoracha dá dtagraítear i gCuid B, pointe 6, d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a chomhlíonadh;

(d) 

go bhfuil gach beart maolúcháin atá indéanta go teicniúil á chur chun feidhme chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchar diúltach na ngníomhaíochtaí eile is cúis le brúnna comhchosúla sna dobharlaigh chéanna.

Mura gcuirtear cosc ar an meathlú nó mura mbaintear amach na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE i ndobharlach dromchla mar thoradh ar réamhúdarú i bpointe (a), déanfar an réamhúdarú sin a leagan amach go sonrach agus déanfar na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír a mhíniú sna pleananna bainistithe abhantraí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.