+Airteagal 17 Faireachas ar fhuíolluisce uirbeach
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.

Airteagal 17 Faireachas ar fhuíolluisce uirbeach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.

Bunóidh na Ballstáit córas náisiúnta le haghaidh comhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus na húdaráis inniúla atá freagrach as cóireáil fuíolluisce uirbigh maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

paraiméadair ábhartha sláinte poiblí a shainaithint, a ndéanfar faireachán orthu ar a laghad in ionraon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, agus na moltaí, i measc eintiteas eile, ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), ón Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus paraiméadair eile nach iad á gcur san áireamh amhail:

(i) 

víreas SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach;

(ii) 

póilióivíreas;

(iii) 

víreas fliú;

(iv) 

pataiginí atá ag teacht chun cinn;

(v) 

aon pharaiméadair sláinte poiblí eile a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha le faireachán a dhéanamh orthu;

(b) 

leithdháileadh soiléir na ról, na bhfreagrachtaí agus na gcostas i measc oibreoirí agus údaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear i gcás gaol a bheith ann le sampláil agus anailís;

(c) 

suíomh agus minicíocht na samplála a chinneadh don tsampláil agus anailís fuíolluisce uirbigh a dhéantar i gcás gach paraiméadair sláinte poiblí arna shainaithint i gcomhréir le pointe (a), agus na sonraí sláinte atá ar fáil agus na riachtanais atá ann i dtéarmaí sonraí sláinte poiblí agus, i gcás inarb ábhartha, na staideanna eipidéimeolaíocha áitiúla á gcur san áireamh;

(d) 

na torthaí faireacháin a chur in iúl ar bhealach iomchuí tráthúil do na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb ábhartha, do na húdaráis inniúla um uisce óil chun gurbh fhusa Airteagal 8 de Threoir (AE) 2020/2184 a chur chun feidhme, agus iad a chur in iúl freisin d’ardáin an Aontais, i gcás inar ann d'ardáin dá samhail, agus i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Airteagal 17 2.
I gcás ina bhfógraíonn an t-údarás inniúil atá freagrach as an tsláinte phoiblí i mBallstát go bhfuil éigeandáil sláinte poiblí ann, déanfar faireachán ar na paraiméadair sláinte poiblí ábhartha i bhfuíolluisce uirbeach ó shampla ionadaíoch den phobal náisiúnta, a mhéid atá na paraiméadair sláinte ábhartha le fáil i bhfuíolluisce uirbeach. Leanfar den fhaireachán sin go dtí go bhfógraíonn an t-údarás inniúil sin go bhfuil deireadh leis an éigeandáil sláinte poiblí, nó ar feadh tréimhse níos faide má mheastar go mbeadh sé sin úsáideach chun críoch eile don údarás inniúil sin.

Chun a chinneadh an ann d’éigeandáil sláinte poiblí, breithneoidh an t-údarás inniúil cinntí ón gCoimisiún arna nglacadh de bhun Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2022/2371, meastacháin ó ECDC, agus cinntí ó EDS arna nglacadh i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta.

Airteagal 17 3.
I gcás ceirtleáin 100 000 p.e. agus níos mó, áiritheoidh na Ballstáit, faoin … [an lá deireanach den dara bliain ó dháta glactha an ghnímh chur chun feidhme sa dara fomhír], go ndéantar faireachán ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha i bhfuíolluisce uirbeach.

Faoin 2 Iúil 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn minicíocht íosta samplála agus modheolaíocht chomhchuibhithe a bhunú chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a thomhas i bhfuíolluisce uirbeach, agus na sonraí uile atá ar fáil ar a laghad ó údaráis náisiúnta sláinte poiblí agus ó údaráis náisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

Airteagal 17 4.
Déanfar torthaí ón bhfaireachán dá dtagraítear san Airteagal seo a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (h).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.