+Airteagal 18 1.

Airteagal 18 1.

Faoin 31 Nollaig 2027, sainaithneoidh agus déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na rioscaí don chomhshaol agus do shláinte an duine a eascraíonn as sceitheadh fuíolluisce uirbigh, agus luaineachtaí séasúracha agus teagmhais fhoircneacha á gcur san áireamh, agus ar a laghad na rioscaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

cáilíocht an dobharlaigh a úsáidtear d'astarraingt an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2020/2184;

(b) 

cáilíocht an uisce snámha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/7/CE;

(c) 

cáilíocht dobharlaigh ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4, pointe (25), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d) 

stádas an dobharlaigh screamhuisce ghlactha mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe 19, de Threoir 2000/60/CE chomh maith le gach cuspóir comhshaoil eile mar a luaitear in Airteagal 4 den Treoir sin maidir leis an dobharlach screamhuisce glacach;

(e) 

stádas na muirthimpeallachta mar a shainmhínítear í in Airteagal 3,pointe 5, de Threoir 2008/56/CE;

(f) 

stádas an dobharlaigh dromchla ghlactha mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe 17, de Threoir 2000/60/CE chomh maith le gach cuspóir comhshaoil eile mar a luaitear in Airteagal 4 den Treoir sin maidir leis an dobharlach dromchla glacach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.