|
+Airteagal 21 3. |
Airteagal 21 3.I gcás gach ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí iomchuí faireachán, in ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, ar thiúchan agus ualaí an mhéid seo a leanas san fhuíolluisce uirbeach:
(a)
truailleáin ar dócha iad a bheith le fáil i bhfuíolluisce uirbeach a liostaítear iontu seo a leanas:
(i)
Iarscríbhinní VIII agus X a ghabhann le Treoir 2000/60/CE, Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE, Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE agus Cuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE;
(ii)
an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 );
(iii)
Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006;
(iv)
Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 86/278/CEE;
(b)
paraiméadair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184, i gcás ina sceitear fuíolluisce uirbeach isteach i ndobharcheantar dá dtagraítear in Airteagal 8 den Treoir sin; faoinar féidir leis na Ballstáit, i gcás substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS), rogha a dhéanamh idir ceann amháin nó an dá cheann de na paraiméadair ‘PFAS Iomlán’ agus ‘Suim PFAS’ a úsáid nuair atá modheolaíocht ar fáil i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5;
(c)
paraiméadair a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/7/CE i gcás ina ndéantar sceitheadh díreach ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh isteach in uisce snámha le linn an tséasúir snámha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhac do Threoir 2006/7/CE a chomhlíonadh;
(d)
micreaphlaistigh a bheith ann; Féadfar na truailleáin agus na paraiméadair dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a eisiamh ón bhfaireachán dá dtagraítear sa mhír seo ar choinníoll gur féidir a léiriú, inter alia ar bhonn thorthaí an fhaireacháin, nach ann dóibh i bhfuíolluisce uirbeach. Maidir le gach ceirtleán de 10 000 p.e. agus níos mó, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí iomchuí faireachán ar mhicreaphlaistigh a bheith sa sloda nuair is ábhartha agus, go háirithe, nuair a dhéantar é a athúsáid sa talmhaíocht. Déanfar an faireachán dá dtagraítear sa mhír seo de réir na minicíochtaí seo a leanas:
(a)
dhá shampla ar a laghad in aghaidh na bliana, agus 6 mhí ar a mhéad idir tráthanna glactha na samplaí, le haghaidh ceirtleáin 150 000 p.e. agus níos mó;
(b)
sampla amháin ar a laghad gach 2 bhliain le haghaidh ceirtleáin idir 10 000 p.e. agus 150 000 p.e. Féadfar na minicíochtaí faireacháin sin a laghdú faoina leath i mblianta ina dhiaidh sin má tá torthaí an fhaireacháin ar na truailleáin dá dtagraítear sa mhír seo faoi bhun na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil is infheidhme faoi Threoir 2008/105/CE i dtrí shampla as a chéile. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na minicíochtaí faireacháin gach bliain ar a laghad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|