+Airteagal 32 Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.
---+Airteagal 32 6.
---+Airteagal 32 7.
---+Airteagal 32 8.
|
Airteagal 32 Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1.
|
Déantar Treoir 91/271/CEE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo, a aisghairm le héifeacht ón 1 Lúnasa 2027 gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 32 2.
|
Maidir le Mayotte, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus ag Airteagal 6(1) den Treoir seo ón 31 Nollaig 2030 agus beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus Airteagal 6(3) den Treoir seo ón 31 Nollaig 2040. Leanfaidh Airteagal 3(1a), an chéad fhleasc, agus Airteagal 4(1a), an chéad fhleasc, de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith acu go dtí an 30 Nollaig 2030.
|
|
Airteagal 32 3.
|
I gcás sceitheadh fuíolluisce uirbigh a chóireáiltear ag gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 150 000 CD agus níos mó, leanfaidh Airteagal 5 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige:
(a)
go dtí an 31 Nollaig 2033 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2025;
(b)
go dtí an 31 Nollaig 2036 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2033;
(c)
go dtí an 31 Nollaig 2039 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2036.
Gan dochar don chéad fhomhír, i gcás sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, leanfaidh Airteagal 5 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige:
(a)
go dtí an 31 Nollaig 2033 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2025;
(b)
go dtí an 31 Nollaig 2036 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2033;
(c)
go dtí an 31 Nollaig 2039 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2036;
(d)
go dtí an 31 Nollaig 2045 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2039;
(e)
go dtí an 31 Nollaig 2053 do cheirtleáin a bhfuil feidhm ag an maolú dá dtagraítear in Airteagal 7(4) den Treoir seo ina leith.
|
|
Airteagal 32 4.
|
Leanfaidh Airteagal 7 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige go dtí an 30 Nollaig 2037 le haghaidh ceirtleáin idir 2 000 p.e agus 10 000 p.e. agus a sceitear isteach in uiscí cósta agus a chuireann cóireáil iomchuí i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir sin an 1 Eanáir 2025.
|
|
Airteagal 32 5.
|
Leanfaidh Airteagal 6 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige go dtí an 30 Nollaig 2037 [an dara lá go dtí an lá deireanach den dóú bliain déag tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] maidir le ceirtleáin a sceitear isteach i limistéir nach bhfuil chomh híogair céanna agus a chuireann cóireáil nach bhfuil chomh dian céanna i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin an 1 Eanáir 2025.
|
|
Airteagal 32 6.
|
Beidh feidhm ag Airteagal 15(4) de Threoir 91/271/CEE maidir leis na Ballstáit go dtí an 31 Nollaig 2028.
|
|
Airteagal 32 7.
|
Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Threoir 91/271/CEE agus ag Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/431/AE ón gCoimisiún (
13
) maidir leis na Ballstáit go dtí an 1 Eanáir 2028.
|
|
Airteagal 32 8.
|
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|