|
+Airteagal 32 3. |
Airteagal 32 3.I gcás sceitheadh fuíolluisce uirbigh a chóireáiltear ag gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 150 000 CD agus níos mó, leanfaidh Airteagal 5 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige:
(a)
go dtí an 31 Nollaig 2033 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2025;
(b)
go dtí an 31 Nollaig 2036 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2033;
(c)
go dtí an 31 Nollaig 2039 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2036. Gan dochar don chéad fhomhír, i gcás sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, leanfaidh Airteagal 5 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige:
(a)
go dtí an 31 Nollaig 2033 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2025;
(b)
go dtí an 31 Nollaig 2036 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2033;
(c)
go dtí an 31 Nollaig 2039 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2036;
(d)
go dtí an 31 Nollaig 2045 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2039;
(e)
go dtí an 31 Nollaig 2053 do cheirtleáin a bhfuil feidhm ag an maolú dá dtagraítear in Airteagal 7(4) den Treoir seo ina leith. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|