+IARSCRÍBHINN V ÁBHAR NA bPLEANANNA COMHTHÁITE BAINISTITHE FUÍOLLUISCE UIRBIGH

IARSCRÍBHINN V ÁBHAR NA bPLEANANNA COMHTHÁITE BAINISTITHE FUÍOLLUISCE UIRBIGH




IARSCRÍBHINN V

ÁBHAR NA bPLEANANNA COMHTHÁITE BAINISTITHE FUÍOLLUISCE UIRBIGH

1. Anailís ar staid tosaigh limistéar draenála an cheirtleáin lena mbaineann, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

tuairisc mhionsonraithe ar líonra na gcóras bailiúcháin, ar na hacmhainneachtaí stórála agus iompartha fuíolluisce uirbigh agus ar na hinniúlachtaí stórála agus treoraithe rith chun srutha uirbeach atá sa líonra sin agus ar na hacmhainneachtaí cóireála fuíolluisce atá aige cheana féin i gcás báistí;

(b) 

i gcás séaraigh chomhcheangailte, anailís dhinimiciúil ar shreabha fuíolluisce uirbigh i gcás báistí, bunaithe ar shonraí faireacháin nó ar úsáid samhlacha hidreolaíocha, hiodrálacha agus cáilíochta uisce, lena gcuirtear réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha san áireamh agus lena n-áirítear meastachán ar ualaí truaillithe na bparaiméadar dá dtagraítear i dTábla 1 agus, i gcás inarb ábhartha, i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I chomh maith le micreaphlaistigh agus truailleáin ábhartha a scaoiltear in uiscí glactha i gcás báistí;

(c) 

i gcás séaraigh ar leithligh, tuairisc mhionsonraithe ar na ceanglais faireacháin ag pointí ábhartha de chórais ar leithligh a meastar go mbeidh sceitheadh truaillithe ó rith chun srutha uirbeach iontu mar a shainaithnítear faoi Airteagal 5(2), pointe (d), chun bearta ábhartha agus indéanta a shainaithint mar a cheanglaítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo.

2. Cuspóirí laghdú an truaillithe ó fhorshreabhadh uisce stoirme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

cuspóir neamhcheangailteach táscach go mbeidh forshreabhadh uisce stoirme ina chéatadán beag, nach mó ná 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh a bhailítear go bliantúil le linn dálaí aimsire tirime; comhlíonfar an cuspóir neamhcheangailteach táscach sin:

(i) 

faoin 31 Nollaig 2039 i gcás gach ceirtleáin 100 000 p.e. agus níos mó;

(ii) 

faoin 31 Nollaig 2045 i gcás gach ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó dá dtagraítear in Airteagal (5);

(b) 

laghdú de réir a chéile ar mhacraphlaistigh.

3. Na bearta atá le déanamh chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach i gcomhréir leis na spriocdhátaí a shocraítear sa phointe sin, lena ngabhfaidh amlíne maidir le cur chun feidhme na mbeart agus idirdhealú idir bearta atá i bhfeidhm cheana agus atá fós le déanamh. Sainaithneofar go soiléir freisin na gníomhaithe lena mbaineann agus a gcuid freagrachtaí i gcur chun feidhme an phlean chomhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh.

4. Agus measúnú á dhéanamh acu ar cé na bearta atá le déanamh faoi phointe 3, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil breithniú ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

bearta coisctheacha arb é is aidhm dóibh gan ligean d’uiscí báistí neamhthruaillithe dul isteach sna córais bhailiúcháin, lena n-áirítear bearta lena gcuirtear chun cinn coinneáil nádúrtha an uisce nó bailiú nádúrtha an uisce baistí, agus bearta arb é is aidhm dóibh spásanna glasa agus gorma i limistéir uirbeacha a mhéadú chun forshreabhadh uisce stoirme a laghdú nó arb é is aidhm dóibh dromchlaí neamhscagacha sna ceirtleáin a theorannú;

(b) 

bearta chun bainistiú agus optamú níos fearr a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an mbonneagar atá ann cheana, lena n-áirítear córais bhailiúcháin, na toirteanna stórála agus gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, agus é mar aidhm ag na bearta sin a áirithiú go ndéanfar sceitheadh fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte nó rith chun srutha uirbeach truaillithe isteach in uiscí glactha a íoslaghdú;

(c) 

i gcás inar gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach, bearta maolúcháin breise lena n-áirítear oiriúnú an bhonneagair a úsáidtear chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a stóráil agus a chóireáil, mar shampla limistéir uirbeacha nuathógtha a nascadh le séaraigh ar leithligh, i gcás inarb ábhartha, nó bonneagar nua a chruthú agus tosaíocht á tabhairt do bhonneagar glas agus gorm, amhail díoga fásmhara, bogaigh chóireála agus linnte stórála arna ndearadh chun tacú leis an mbithéagsúlacht. I gcás inarb ábhartha, féachfar an bhféadfaí uisce a athúsáid i gcomhthéacs fhorbairt na bpleananna comhtháite bainisithe fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 5.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.