6. Gnóthais a dhéanann substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheartaítear a úsáid mar bhunábhar, mar oibreáin phróisis, nó a bheartaítear a scriosadh nó a mhínghlanadh chomh maith le gnóthais a scriosann nó a mhínghlanann na substaintí sin nó a úsáideann na substaintí sin mar bhunábhar nó mar oibreáin phróisis, lena n-áirítear mar sheachtháirgeadh nó mar thaobhtháirgeadh, a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a sholáthar do dhuine eile san Aontas nó a fháil ó dhuine eile san Aontas, coimeádfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir le gach substaint ídithe ózóin, de réir mar is infheidhme:
|
(a)
|
ainm na substainte ídithe ózóin nó an mheascáin ina bhfuil substaint den sórt sin;
|
|
(b)
|
an chainníocht a táirgeadh, a allmhairíodh, a onnmhairíodh, a mínghlanadh nó a scriosadh le linn na bliana féilire áirithe;
|
|
(c)
|
an chainníocht a soláthraíodh agus a fuarthas le linn na bliana féilire áirithe, in aghaidh an tsoláthraí nó an ghlacadóra aonair;
|
|
(d)
|
ainmneacha agus sonraí teagmhála na soláthróirí nó na nglacadóirí;
|
|
(e)
|
an chainníocht a úsáideadh le linn na bliana féilire áirithe agus lena sonraítear an úsáid iarbhír; agus
|
|
(f)
|
an chainníocht a stóráladh an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig sa bhliain féilire áirithe.
|
Coimeádfaidh na gnóthais na taifid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis an táirgthe, an chur ar an margadh, an tsoláthair nó na fála, agus cuirfidh siad ar fáil iad, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Áiritheoidh na húdaráis inniúla sin agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise atá sna taifid sin.