+Airteagal 16 Córas ceadúnúcháin
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
---+Airteagal 16 4
---+Airteagal 16 5
---+Airteagal 16 6
---+Airteagal 16 7
---+Airteagal 16 8
---+Airteagal 16 9
---+Airteagal 16 10
---+Airteagal 16 11
---+Airteagal 16 12
---+Airteagal 16 13
---+Airteagal 16 14
---+Airteagal 16 15
|
Airteagal 16 Córas ceadúnúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1
|
1. Bunóidh an Coimisiún córas ceadúnúcháin leictreonach i gcomhair substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus i gcomhair táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin (‘an córas ceadúnúcháin’), agus áiritheoidh an Coimisiún go n-oibreoidh an córas.
|
|
Airteagal 16 2
|
2. Na gnóthais ar mian leo na ceadúnais a fháil a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13(2) nó Airteagal 14(3), cuirfidh siad iarratas isteach tríd an gcóras ceadúnúcháin a úsáid. Sular gcuirfear an t-iarratas sin isteach, beidh clárúchán bailí sa chóras ceadúnúcháin ag na gnóthais. Áiritheoidh na gnóthais freisin go bhfuil clárúchán bailí acu sa chóras ceadúnúcháin sula ndéanfaidh siad tuairisciú de bhun Airteagal 24.
Déanfar iarratais ar cheadúnais a phróiseáil laistigh de 30 lá. Eiseofar ceadúnais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
|
|
Airteagal 16 3
|
3. Féadfar ceadúnais a eisiúint do ghnóthais a bhfuil bunaíocht laistigh den Aontas acu agus do ghnóthais a bhfuil bunaíocht lasmuigh den Aontas acu.
Gnóthais a bhfuil bunaíocht lasmuigh den Aontas acu, ceapfaidh na gnóthais sin ionadaí aonair a bhfuil bunaíocht aige laistigh den Aontas a bheidh freagrach go hiomlán as comhlíonadh an Rialacháin seo. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí a cheaptar de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).
|
|
Airteagal 16 4
|
4. Beidh teorainn ama ar na ceadúnais. Beidh siad bailí go dtí go rachaidh siad in éag, go gcuirfear ar fionraí iad nó go gcúlghairfidh an Coimisiún iad de bhun an Airteagail seo, nó go dtarraingeoidh an gnóthas siar iad. I gcás allmhairí nó onnmhairí halóin aisghafa, athchúrsáilte nó mhínghlanta a stóráiltear le haghaidh úsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ní rachaidh an teorainn ama thar an dáta deiridh le haghaidh na húsáide criticiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
|
|
Airteagal 16 5
|
5. Gach gnóthas a bhfuil ceadúnas aige, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún gan moill mhíchuí, le linn thréimhse bhailíochta an cheadúnais, faoi aon athrú a d’fhéadfadh a bheith ann le linn thréimhse bhailíochta an cheadúnais maidir leis an bhfaisnéis arna cur isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
|
|
Airteagal 16 6
|
6. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh i gcás ina mbeidh gá leis sin chun cruinneas agus iomláine na faisnéise arna soláthar ag na gnóthais a dheimhniú i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
|
|
Airteagal 16 7
|
7. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear na húdaráis chustaim, nó an Coimisiún, deimhniú a éileamh ina bhfianófar cineál nó comhdhéanamh na substaintí atá le hallmhairiú nó le honnmhairiú, agus féadfaidh siad cóip den cheadúnas arna eisiúint ag an tír a ndéantar an t-allmhairiú uaithi nó a ndéantar an t-onnmhairiú chuici a iarraidh.
|
|
Airteagal 16 8
|
8. Féadfaidh an Coimisiún na sonraí a chuirfear isteach sa chóras ceadúnúcháin a roinnt a mhéid is gá i gcásanna áirithe le húdaráis inniúla na bPáirtithe sa Phrótacal lena mbaineann.
|
|
Airteagal 16 9
|
9. Cuirfear ceadúnas ar fionraí i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann nach bhfuil oibleagáid a leagtar amach sa Rialachán seo á comhlíonadh. Cúlghairfear ceadúnas i gcás ina bhfuil fianaise ann nach bhfuil oibleagáid a leagtar amach sa Rialachán seo á comhlíonadh. Diúltófar don iarratas ar cheadúnas freisin nó cúlghairfear an ceadúnas i gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil dlí custaim an Aontais nó dlí comhshaoil an Aontais á shárú go tromchúiseach nó arís agus arís eile ag an ngnóthas, ar sáruithe iad a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais sin faoin Rialachán seo.
Cuirfear gnóthais ar an eolas, a luaithe is féidir, maidir le haon iarratas ar cheadúnas a ndiúltófar dó nó maidir le haon cheadúnas a chuirfear ar fionraí nó a chúlghairtear, agus sonrófar an fáth leis an diúltú, leis an bhfionraíocht nó leis an gcúlghairm. Cuirfear na Ballstáit ar an eolas maidir leis na cásanna sin freisin.
|
|
Airteagal 16 10
|
10. Déanfaidh gnóthais na bearta uile is gá chun na rudaí seo a leanas a áirithiú maidir le honnmhairiú substaintí ídithe ózóin:
|
(a)
|
nach trádáil neamhdhleathach a bheidh in onnmhairiú substaintí ídithe ózóin;
|
|
(b)
|
nach mbeidh drochthionchar ag onnmhairiú substaintí ídithe ózóin ar chur chun feidhme beart rialaithe arna nglacadh ag an tír cinn scríbe chun a hoibleagáidí faoin bPrótacal a chomhlíonadh;
|
|
(c)
|
nach mbeidh farasbarr sna teorainneacha cainníochtúla a leagtar síos faoin bPrótacal i leith na tíre dá dtagraítear i bpointe (b) mar thoradh air.
|
|
|
Airteagal 16 11
|
11. Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear na húdaráis chustaim, ar an gcóras ceadúnúcháin chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Áiritheofar go mbeidh rochtain ag na húdaráis chustaim ar an gcóras ceadúnúcháin trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim (‘Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim’) dá dtagraítear i míreanna 14 agus 15.
|
|
Airteagal 16 12
|
12. Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise a áirítear sa chóras ceadúnúcháin.
|
|
Airteagal 16 13
|
13. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn VII a leasú i gcás inar gá sin chun feidhmiú rianúil an chórais ceadúnúcháin a áirithiú, chun forfheidhmiú rialacha custaim a éascú, nó i gcás inar gá sin chun an Prótacal a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 16 14
|
14. Áiritheoidh an Coimisiún go nascfar an córas ceadúnúcháin le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim trí Chóras Malartaithe Deimhnithe Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399.
|
|
Airteagal 16 15
|
15. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a dtimpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custaim a idirnascadh le Córas Malartaithe Deimhnithe Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim chun faisnéis a mhalartú leis an gcóras ceadúnúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0590
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|