+Airteagal 4 1
|
Airteagal 4 1
1. Cuirfidh eintiteas de chuid an Aontais nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí réiteach idir-inoibritheachta lena dtacaítear le seirbhís phoiblí dhigiteach thras-Eorpach ar fáil d’aon eintiteas eile de chuid an Aontais nó d’aon chomhlacht eile de chuid na hearnála poiblí a iarrann é, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, agus, i gcás inarb infheidhme, stair an leagain, an cód foinseach doiciméadaithe agus na tagairtí do chaighdeáin oscailte nó do shonraíochtaí teicniúla a úsáideadh.
An oibleagáid maidir le comhroinnt, ní bheidh feidhm aici maidir le haon cheann de na réitigh idir-inoibritheachta seo a leanas, eadhon:
|
(a)
|
réiteach a thacaíonn le próisis a thagann lasmuigh de raon feidhme chúram poiblí an eintitis lena mbaineann de chuid an Aontais nó an chomhlachta lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí mar a shainítear leis an dlí nó le rialacha ceangailteacha eile, nó, in éagmais rialacha den sórt sin, mar a shainítear i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann in eintitis an Aontais i gceist nó sa Bhallstát i gceist, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe;
|
|
(b)
|
réiteach a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith lena gcuirtear srian ar chomhroinnt an réitigh ar mhaithe le hathúsáid;
|
|
(c)
|
réiteach a bhfuil rochtain air eisiata nó srianta ar na forais seo a leanas:
|
(i)
|
faisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (18);
|
|
(ii)
|
leasanna cosanta nó an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear bonneagar criticiúil náisiúnta, a chosaint.
|
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0903
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|