1. I gcás ina gceanglaítear, le hoibriú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil nó ina dtagann siad ar bhealach eile faoi shainchúram maoirseachta údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil eile a chuireann rochtain ar shonraí ar fáil nó a thacaíonn le rochtain ar shonraí, áiritheoidh na heintitis rannpháirteacha de chuid an Aontais nó na comhlachtaí rannpháirteacha de chuid na hearnála poiblí go mbeidh údaráis náisiúnta cosanta sonraí agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla eile comhlachaithe in oibriú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. De réir mar is iomchuí, féadfaidh rannpháirtithe a cheadú go mbeidh gníomhaithe eile de chuid GovTech rannpháirteach i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, gníomhaithe amhail eagraíochtaí náisiúnta nó Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, saotharlanna taighde agus tástála, moil nuálaíochta, agus cuideachtaí ar mian leo réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a thástáil, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta.