+Airteagal 12 Rannpháirtíocht i mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
---+Airteagal 12 6
---+Airteagal 12 7
---+Airteagal 12 8
---+Airteagal 12 9
---+Airteagal 12 10
|
Airteagal 12 Rannpháirtíocht i mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. I gcás ina gceanglaítear, le hoibriú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil nó ina dtagann siad ar bhealach eile faoi shainchúram maoirseachta údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil eile a chuireann rochtain ar shonraí ar fáil nó a thacaíonn le rochtain ar shonraí, áiritheoidh na heintitis rannpháirteacha de chuid an Aontais nó na comhlachtaí rannpháirteacha de chuid na hearnála poiblí go mbeidh údaráis náisiúnta cosanta sonraí agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla eile comhlachaithe in oibriú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. De réir mar is iomchuí, féadfaidh rannpháirtithe a cheadú go mbeidh gníomhaithe eile de chuid GovTech rannpháirteach i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, gníomhaithe amhail eagraíochtaí náisiúnta nó Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, saotharlanna taighde agus tástála, moil nuálaíochta, agus cuideachtaí ar mian leo réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a thástáil, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta.
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta teoranta do thréimhse atá iomchuí do chastacht agus scála an tionscadail, tréimhse nach rachaidh, ar aon chuma, thar 2 bhliain ó bhunú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Féadfar síneadh suas le bliain amháin a chur leis an rannpháirtíocht más gá chun cuspóir na próiseála a bhaint amach.
|
|
Airteagal 12 3
|
3. Beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta bunaithe ar phlean sonrach arna leagan amach ag na rannpháirtithe, agus comhairle ó údaráis inniúla eile nó ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, de réir mar is infheidhme, á cur san áireamh. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa phlean:
|
(a)
|
tuairisc ar na rannpháirtithe a bhfuil baint acu leis agus ar a róil, ar an réiteach idir-inoibritheachta nuálach atá beartaithe agus ar an gcríoch atá beartaithe dó, agus ar an bpróiseas ábhartha forbartha, tástála agus bailíochtaithe;
|
|
(b)
|
na saincheisteanna sonracha rialála atá i gceist agus an treoir a bhfuiltear ag súil léi ó na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta;
|
|
(c)
|
na socruithe sonracha maidir le comhoibriú idir na rannpháirtithe agus na húdaráis, chomh maith le haon ghníomhaí eile ag a bhfuil baint leis an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta;
|
|
(d)
|
sásra bainistithe riosca agus sásra faireacháin i ndáil le rioscaí chun rioscaí a shainaithint, a chosc agus a mhaolú;
|
|
(e)
|
na príomh-gharspriocanna atá le cur i gcrích ag na rannpháirtithe chun go measfar go bhfuil an réiteach idir-inoibritheachta réidh le cur i seirbhís;
|
|
(f)
|
ceanglais mheastóireachta agus tuairiscithe agus bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith i gceist;
|
|
(g)
|
i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach agus comhréireach sonraí pearsanta a phróiseáil, na cúiseanna atá le próiseáil den sórt sin, léiriú ar na catagóirí sonraí pearsanta lena mbaineann, na críocha ar chucu a beartaíodh na sonraí pearsanta agus na rialaitheoirí agus na próiseálaithe a bhfuil baint acu leis an bpróiseáil agus an ról atá acu.
|
|
|
Airteagal 12 4
|
4. Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha aon údarás a dhéanann maoirseacht ar na boscaí gainimh sin.
|
|
Airteagal 12 5
|
5. Beidh rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta faoi dhliteanas i gcónaí faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir le dliteanas agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme maidir le dliteanas i leith aon damáiste a dhéantar le linn a rannpháirtíochta sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta.
|
|
Airteagal 12 6
|
6. Féadfar sonraí pearsanta a phróiseáil sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta chun críoch eile seachas an chríoch dár bailíodh iad go dleathach ar dtús, faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
déantar an réiteach idir-inoibritheachta nuálach a fhorbairt chun leasanna an phobail a choimirciú i gcomhthéacs ardleibhéal éifeachtúlachta agus cáilíochta an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí;
|
|
(b)
|
déantar na sonraí a phróiseáiltear a theorannú don mhéid is gá d’fheidhmiú an réitigh idir-inoibritheachta atá le forbairt nó le tástáil sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, agus ní féidir an feidhmiú sin a bhaint amach go héifeachtach trí phróiseáil a dhéanamh ar shonraí anaithnidithe, ar shonraí sintéiseacha nó ar shonraí neamhphearsanta eile;
|
|
(c)
|
tá sásraí faireacháin éifeachtacha ann chun a shainaithint an bhféadfadh aon ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, teacht chun cinn le linn oibriú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, chomh maith le sásra freagartha chun an riosca sin a mhaolú go pras agus, i gcás inar gá, chun an phróiseáil a stopadh;
|
|
(d)
|
tá aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i dtimpeallacht próiseála sonraí atá deighilte go feidhmiúil, leithlisithe agus cosanta faoi rialú na rannpháirtithe agus níl rochtain ach ag daoine cuí-údaraithe ar na sonraí sin;
|
|
(e)
|
níl aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear le tarchur nó le haistriú nó níl páirtithe eile nach rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta iad le rochtain a fháil orthu ach amháin i gcás ina ndéantar nochtadh den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 nó, i gcás inarb infheidhme, le Rialachán (AE) 2018/1725, agus inar chomhaontaigh na rannpháirtithe uile leis;
|
|
(f)
|
le haon phróiseáil ar shonraí pearsanta, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm chearta na n-ábhar sonraí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1725;
|
|
(g)
|
aon sonra pearsanta a phróiseáiltear, déantar iad a chosaint trí bhíthin bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus léirscriostar iad a luaithe a chuirfear deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta nó nuair a bheidh deireadh a dtréimhse coinneála bainte amach ag na sonraí pearsanta;
|
|
(h)
|
coimeádtar na logaí ar phróiseáil sonraí pearsanta ar feadh thréimhse na rannpháirtíochta sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;
|
|
(i)
|
coimeádtar tuairisc iomlán mhionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht le traenáil, tástáil agus bailíochtú an réitigh idir-inoibritheachta mar aon le torthaí na tástála mar chuid den doiciméadacht theicniúil agus tarchuirtear chuig an mBord í;
|
|
(j)
|
déantar achoimre ghearr ar an réiteach idir-inoibritheachta atá le forbairt sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena n-áirítear a chuspóirí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, a chur ar fáil ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.
|
|
|
Airteagal 12 7
|
7. Ní dochar mír 1 do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta lena leagtar síos an bunús do phróiseáil sonraí pearsanta is gá chun réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhorbairt, a thástáil agus a thraenáil nó aon bhunús dlí eile, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.
|
|
Airteagal 12 8
|
8. Cuirfidh na rannpháirtithe tuarascálacha tréimhsiúla agus tuarascáil deiridh faoi bhráid an Bhoird agus an Choimisiúin maidir leis na torthaí ó na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena n-áirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh, bearta slándála agus moltaí maidir lena n-oibriú agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le forbairt an Rialacháin seo agus dlí eile de chuid an Aontais a ndéantar maoirseacht uirthi laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Eiseoidh an Bord tuairim don Choimisiún maidir le toradh an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena sonraítear, i gcás inarb infheidhme, na gníomhaíochtaí is gá chun réitigh idir-inoibritheachta nua a chur chun feidhme chun idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a chur chun cinn.
|
|
Airteagal 12 9
|
9. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh faisnéis faoi na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta ar fáil ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.
|
|
Airteagal 12 10
|
10. Faoin 12 Aibreán 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach na rialacha mionsonraithe agus na coinníollacha maidir leis na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú agus a oibriú, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta agus an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh ar bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, chun é a roghnú, chun bheith rannpháirteach ann agus chun imeacht as, agus cearta agus oibleagáidí na rannpháirtithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0903
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|