8. Cuirfidh na rannpháirtithe tuarascálacha tréimhsiúla agus tuarascáil deiridh faoi bhráid an Bhoird agus an Choimisiúin maidir leis na torthaí ó na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena n-áirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh, bearta slándála agus moltaí maidir lena n-oibriú agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le forbairt an Rialacháin seo agus dlí eile de chuid an Aontais a ndéantar maoirseacht uirthi laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Eiseoidh an Bord tuairim don Choimisiún maidir le toradh an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena sonraítear, i gcás inarb infheidhme, na gníomhaíochtaí is gá chun réitigh idir-inoibritheachta nua a chur chun feidhme chun idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a chur chun cinn.