|
+Airteagal 3 |
Airteagal 3Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘aonad’ cóiríocht faoi throscán atá lonnaithe san Aontas agus atá faoi réir soláthar seirbhíse cóiríochta ar chíos gearrthéarmach; ní áirítear leis na nithe seo a leanas:
(a)
óstáin agus cóiríocht chomhchosúil, lena n-áirítear ionaid óstáin, óstáin svuíte nó árasáin agus móstáin ar a dtugtar tuairisc in NACE Rev. 2, grúpa 55.1 (‘óstáin agus cóiríocht chomhchosúil’) agus brúnna ar a dtugtar tuairisc in NACE Rev. 2, grúpa 55.2 (‘cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta’) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );
(b)
cóiríocht a sholáthar i dtailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna carbhán, ar a dtugtar tuairisc in NACE Rev. 2, grúpa 55.3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
(2)
ciallaíonn ‘óstach’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthraítear ar luach saothair, nó a bheartaíonn seirbhís den sórt sin a sholáthar, trí ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, ar bhonn gairmiúil, neamhghairmiúil, ar bhonn rialta nó ar bhonn sealadach;
(3)
ciallaíonn ‘aoi’ duine nádúrtha atá á óstáil in aonad;
(4)
ciallaíonn ‘seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach’ aonad a ligean go gearrthéarmach, a sholáthraítear ar luach saothair, cé acu ar bhonn gairmiúil nó neamhghairmiúil, ar bhonn rialta nó ar bhonn sealadach, mar a shainítear tuilleadh leis an dlí náisiúnta;
(5)
ciallaíonn ‘ardán cíosa ghearrthéarma ar líne’ ardán ar líne de réir bhrí Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065, lena gceadaítear d’aíonna cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hóstaigh chun seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar;
(6)
ciallaíonn ‘ardán cíosa gearrthéarma beag nó micrimhéide ar líne’ ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a cháilíonn mar fhiontar beag nó mar mhicrifhiontar de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE;
(7)
ciallaíonn ‘uimhir chlárúcháin’ aitheantóir uathúil, arna eisiúint ag an údarás inniúil, lena sainaithnítear aonad sa Bhallstát sin;
(8)
ciallaíonn ‘nós imeachta clárúcháin’ aon nós imeachta is tríd nach mór d’óstaigh faisnéis shonrach agus doiciméadacht shonrach a sholáthar do na húdaráis inniúla chun uimhir chlárúcháin a fháil ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint trí ardáin cíosa gearrthéarma ar líne;
(9)
ciallaíonn ‘scéim údarúcháin’‘scéim údarúcháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 6, de Threoir 2006/123/CE;
(10)
ciallaíonn ‘liostú’ an tagairt d’aonad a thairgtear le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin de chuid ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;
(11)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit atá inniúil chun nósanna imeachta clárúcháin a bhainistiú nó a fhorfheidhmiú, nó chun sonraí a bhailiú maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, nó atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar rialacha infheidhme na mBallstát maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus maidir le soláthar na seirbhísí sin;
(12)
ciallaíonn ‘sonraí gníomhaíochta’ líon na n-oícheanta a ligtear aonad ar cíos agus líon na n-aíonna ar ligeadh an t-aonad ar cíos leo in aghaidh na hoíche chomh maith le tír chónaithe gach aoi, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 692/2011;
(13)
ciallaíonn ‘bardas’‘aonad riaracháin áitiúil (ARÁ)’ de réir bhrí Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|