+Airteagal 10
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
|
Airteagal 10
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
►C1
I gcás ina bhfuil nós imeachta clárúcháin amháin nó níos mó bunaithe ag Ballstát de bhun Airteagal 4(2), bunóidh an Ballstát sin pointe iontrála aonair digiteach chun sonraí gníomhaíochta, an uimhir chlárúcháin ábhartha, seoladh sonrach an aonaid agus URLanna na liostuithe arna soláthar ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 9 a fháil agus a chur ar aghaidh. ◄ Ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás atá le bheith freagrach as an bpointe iontrála aonair digiteach a oibriú.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Déanfar an méid seo a leanas leis an bpointe iontrála aonair digiteach dá dtagraítear i mír 1:
(a)
comhéadan teicniúil a sholáthar le haghaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne lena gcumasaítear tarchur na sonraí gníomhaíochta ar bhonn meaisín le meaisín agus de láimh, mar aon leis an uimhir chlárúcháin ábhartha agus URLanna na liostuithe, atá le cur chun feidhme, chun idir-inoibritheacht a áirithiú, trí úsáid a bhaint as comhéadan feidhmchláir atá bunaithe ar cheanglais theicniúla arna sainiú ag an gCoimisiún.
(b)
seiceálacha randamacha arna ndéanamh ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 7(1), pointe (c), a éascú;
(c)
comhéadan teicniúil a sholáthar le haghaidh na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 12 chun sonraí gníomhaíochta, an uimhir chlárúcháin ábhartha, seoladh sonrach an aonaid agus URLanna na liostuithe, arna dtarchur ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, a fháil, chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 12(2) le haghaidh aonaid ina gcríoch agus chun na gcríoch sin amháin;
(d)
comhroinnt na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 a éascú.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil leis an bpointe iontrála aonair digiteach dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
idir-inoibritheacht leis na clárlanna dá dtagraítear in Airteagal 4(5);
(b)
bunachar sonraí ar líne nó comhéadan ar líne atá inrochtana go héasca agus meaisín-inléite le haghaidh na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c), agus le haghaidh an mheasúnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 8;
(c)
an fhéidearthacht athúsáid a bhaint as an bhfaisnéis nó doiciméadacht atá le soláthar ag óstaigh de bhun Airteagal 5, más rud é go n-iarrtar an fhaisnéis nó an doiciméadacht chéanna le clárlanna iomadúla dá dtagraítear in Airteagal 4(5) laistigh den Bhallstát céanna;
(d)
rúndacht, sláine agus slándáil phróiseáil na sonraí gníomhaíochta, na n-uimhreacha clárúcháin, sheoltaí sonracha na n-aonad, agus URLanna na liostuithe arna dtarchur ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i gcomhréir le hAirteagal 9.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Áiritheofar leis an bpointe iontrála aonair digiteach dá dtagraítear i mír 1 próiseáil uathoibríoch, idirmheánach agus neamhbhuan na sonraí pearsanta lena bhfuil fíorghá chun rochtain a thabhairt do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 12 ar shonraí gníomhaíochta, uimhreacha clárúcháin, seoltaí sonracha na n-aonad agus URLanna na liostuithe arna soláthar ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla coiteanna agus nósanna imeachta coiteanna chun idir-inoibritheacht a áirithiú maidir le réitigh le haghaidh fheidhmiú na bpointí iontrála aonair digiteacha agus malartú sonraí gan uaim, lena n-áirítear sonraíochtaí coiteanna chun struchtúr caighdeánaithe uimhreacha clárúcháin a bhunú Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|