|
+Airteagal 10 2. |
Airteagal 10 2.Déanfar an méid seo a leanas leis an bpointe iontrála aonair digiteach dá dtagraítear i mír 1:
(a)
comhéadan teicniúil a sholáthar le haghaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne lena gcumasaítear tarchur na sonraí gníomhaíochta ar bhonn meaisín le meaisín agus de láimh, mar aon leis an uimhir chlárúcháin ábhartha agus URLanna na liostuithe, atá le cur chun feidhme, chun idir-inoibritheacht a áirithiú, trí úsáid a bhaint as comhéadan feidhmchláir atá bunaithe ar cheanglais theicniúla arna sainiú ag an gCoimisiún.
(b)
seiceálacha randamacha arna ndéanamh ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 7(1), pointe (c), a éascú;
(c)
comhéadan teicniúil a sholáthar le haghaidh na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 12 chun sonraí gníomhaíochta, an uimhir chlárúcháin ábhartha, seoladh sonrach an aonaid agus URLanna na liostuithe, arna dtarchur ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, a fháil, chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 12(2) le haghaidh aonaid ina gcríoch agus chun na gcríoch sin amháin;
(d)
comhroinnt na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 a éascú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|