|
+Airteagal 5 3. |
Airteagal 5 3.Faoin 1 Eanáir 2027, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhoráil a dhéanamh maidir le tagarmharcanna acmhainneachta athchúrsála an Aontais arna sloinneadh mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá ar fáil i sruthanna dramhaíola ábhartha. Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre na sruthanna dramhaíola agus na hamhábhair straitéiseacha laistigh díobh a bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil ina leith maidir leis na méideanna dramhaíola ábhartha agus a n-ábhar amhábhair straitéisigh ar bhonn cheanglais thuairiscithe Rialachán (AE) 2023/1542, Threoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), Threoir 2008/98/CE agus Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), chun lamháil d’acmhainneacht athchúrsála an Aontais a mheas mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá sna sruthanna dramhaíola ábhartha. Leagfar síos freisin leis na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre tagarmharc acmhainneachta athchúrsála de chuid an Aontais bunaithe ar an acmhainneacht athchúrsála i gcás gach amhábhair straitéisigh sna sruthanna dramhaíola ábhartha a shainaithnítear de bhun an dara fomhír. Déanfaidh an Coimisiún an tagarmharc acmhainneachta athchúrsála dá dtagraítear sa tríú fomhír a shocrú bunaithe ar bhonn na ngnéithe seo a leanas:
(a)
acmhainneacht athchúrsála reatha an Aontais arna sloinneadh mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá ar fáil i sruthanna dramhaíola ábhartha;
(b)
a mhéid is féidir amhábhair straitéiseacha a aisghabháil ó na sruthanna dramhaíola sin, agus indéantacht theicneolaíoch agus eacnamaíoch á cur san áireamh;
(c)
spriocanna a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is ábhartha d’aisghabháil amhábhar straitéiseach ó dhramhaíl. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a leasú trí na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta más rud é, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 48(2), go mbeidh faisnéis ar fáil maidir le méideanna dramhaíola ábhartha agus ábhar amhábhair straitéisigh na sruthanna dramhaíola breise. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|