+Airteagal 5
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
|
Airteagal 5
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na céimeanna éagsúla de shlabhra luacha na n-amhábhar straitéiseach a neartú trí na bearta dá bhforáiltear sa Chaibidil seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a áirithiú go mbeidh méadú suntasach tagtha, faoi 2030, ar acmhainneachtaí an Aontais i gcás gach amhábhair straitéisigh ionas go mbeidh, ar an iomlán, acmhainneacht an Aontais gar do na tagarmharcanna seo a leanas nó go mbeidh siad bainte amach:
(i)
go mbeidh sé d’acmhainn ag acmhainneacht eastósctha an Aontais na mianta, na mianraí nó na tiúchain a eastóscadh a bhfuil gá leo chun 10 % ar a laghad de thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach an Aontais a tháirgeadh, a mhéid is féidir i bhfianaise cúltacaí an Aontais;
(ii)
go mbeidh sé d’acmhainn ag acmhainneacht phróiseála an Aontais, lena n-áirítear na céimeanna próiseála idirmheánacha uile, 40 % ar a laghad de thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach an Aontais a tháirgeadh;
(iii)
go mbeidh sé d’acmhainn ag acmhainneacht athchúrsála an Aontais, lena n-áirítear i gcás na gcéimeanna athchúrsála idirmheánacha uile, 25 % ar a laghad de thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach an Aontais a tháirgeadh agus go mbeidh sé d’acmhainn aici athchúrsáil a dhéanamh ar mhéideanna gach amhábhair straitéisigh atá ag méadú go suntasach i ndramhaíl.
(b)
allmhairí amhábhair straitéiseacha an Aontais a éagsúlú d’fhonn a áirithiú, faoi 2030, gur féidir le tomhaltas bliantúil an Aontais maidir le gach amhábhar straitéiseach ag aon chéim ábhartha den phróiseáil brath ar allmhairí ó roinnt tríú tíortha nó ó thíortha nó críocha thar lear (OCTanna) agus nach cúis le níos mó ná 65 % de thomhaltas an Aontais i dtaca le hamhábhar straitéiseach aon tríú tír.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit iarrachtaí ar dhul chun cinn teicneolaíoch agus éifeachtúlacht acmhainní a dhreasú chun an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil san Aontas a mhaolú faoi bhun an réamh-mheastacháin tagartha dá dtagraítear in Airteagal 44(1) trí bhíthin na mbeart ábhartha a leagtar amach sa Roinn seo agus i gCaibidil 5.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Faoin 1 Eanáir 2027, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhoráil a dhéanamh maidir le tagarmharcanna acmhainneachta athchúrsála an Aontais arna sloinneadh mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá ar fáil i sruthanna dramhaíola ábhartha. Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre na sruthanna dramhaíola agus na hamhábhair straitéiseacha laistigh díobh a bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil ina leith maidir leis na méideanna dramhaíola ábhartha agus a n-ábhar amhábhair straitéisigh ar bhonn cheanglais thuairiscithe Rialachán (AE) 2023/1542, Threoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
), Threoir 2008/98/CE agus Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), chun lamháil d’acmhainneacht athchúrsála an Aontais a mheas mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá sna sruthanna dramhaíola ábhartha. Leagfar síos freisin leis na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre tagarmharc acmhainneachta athchúrsála de chuid an Aontais bunaithe ar an acmhainneacht athchúrsála i gcás gach amhábhair straitéisigh sna sruthanna dramhaíola ábhartha a shainaithnítear de bhun an dara fomhír. Déanfaidh an Coimisiún an tagarmharc acmhainneachta athchúrsála dá dtagraítear sa tríú fomhír a shocrú bunaithe ar bhonn na ngnéithe seo a leanas:
(a)
acmhainneacht athchúrsála reatha an Aontais arna sloinneadh mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá ar fáil i sruthanna dramhaíola ábhartha;
(b)
a mhéid is féidir amhábhair straitéiseacha a aisghabháil ó na sruthanna dramhaíola sin, agus indéantacht theicneolaíoch agus eacnamaíoch á cur san áireamh;
(c)
spriocanna a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is ábhartha d’aisghabháil amhábhar straitéiseach ó dhramhaíl.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a leasú trí na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta más rud é, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 48(2), go mbeidh faisnéis ar fáil maidir le méideanna dramhaíola ábhartha agus ábhar amhábhair straitéisigh na sruthanna dramhaíola breise.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|