+Airteagal 7
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
---+Airteagal 7 9.
---+Airteagal 7 10.
---+Airteagal 7 11.
---+Airteagal 7 12.
---+Airteagal 7 13.
|
Airteagal 7
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Maidir le hiarratais ar aitheantas a thabhairt do thionscadal amhábhair chriticiúil mar Thionscadal Straitéiseach, cuirfidh an tionscnóir tionscadail na hiarratais sin faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:
(a)
fianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 6(1);
(b)
aicmiú an tionscadail de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní, le tacaíocht ó fhianaise iomchuí;
(c)
clár ama chun an tionscadal a chur chun feidhme, lena n-áirítear forléargas ar na ceadanna is gá don tionscadal agus stádas an phróisis chomhfhreagraigh deonaithe ceadanna;
(d)
plean ina mbeidh bearta chun glacadh an phobail a éascú lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun éascú a dhéanamh ar rannpháirtíocht fhónta agus rannpháirteachas gníomhach na bpobal dá ndéantar difear, bealaí cumarsáide athfhillteacha a bhunú le pobail áitiúla, eagraíochtaí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus údaráis ábhartha, agus feachtais múscailte feasachta agus faisnéise agus sásraí ionchasacha um maolú agus um chúiteamh a chur chun feidhme;
(e)
faisnéis maidir le rialú na ngnóthas atá rannpháirteach sa tionscadal, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (
3
) ón gComhairle, agus, i gcás ina bhfuil gnóthais iomadúla rannpháirteach, faisnéis ina gcuirtear síos ar rannpháirtíocht choibhneasta gach gnóthais sa tionscadal;
(f)
plean gnó ina ndéanfar measúnú ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail;
(g)
meastachán ar ionchasacht an tionscadail chun poist ardcháilíochta a chruthú agus riachtanais an tionscadail ó thaobh lucht saothair oilte de agus plean oibre chun tacú le huas-sciliú agus athsciliú agus ionadaíocht chuimsitheach an luchta saothair a chur chun cinn;
(h)
i gcás tionscadail i dtríú tíortha nó in OCTanna lena mbaineann eastóscadh, plean chun feabhas a chur ar bhail na láithreán dá ndéantar difear ó thaobh an chomhshaoil de tar éis dheireadh an tsaothraithe, d’fhonn an bhail a bhí air ó thaobh an chomhshaoil de roimhe sin a athbhunú agus an indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch á cur san áireamh;
(i)
i gcás tionscadail a bhaineann go heisiach le próiseáil nó le hathchúrsáil atá lonnaithe i limistéir atá faoi chosaint de bhun Threoir 92/43/CEE nó Threoir 2009/147/CE, tuairisc ar na suíomhanna malartacha atá iomchuí go teicniúil, arna measúnú ag an tionscnóir tionscadail, agus an fáth a mheastar nach bhfuil siad iomchuí i gcomhair shuíomh an tionscadail;
(j)
i gcás tionscadail a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phobail dhúchasacha, plean ina mbeidh bearta atá tiomnaithe do chomhairliúchán fónta leis na pobail dhúchasacha dá ndéantar difear, faoi chosc agus íoslaghdú na ndrochthionchar ar phobail dhúchasacha agus, i gcás inarb iomchuí, faoi chúiteamh cóir do na daoine sin, mar aon le bearta chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí an chomhairliúcháin.
I gcás ina bhfuil forálacha don chomhairliúchán dá dtagraítear i bpointe (j) den chéad fhomhír i ndlí náisiúnta na tíre a mbaineann a críoch le tionscadal agus ar choinníoll go gcumhdaítear le comhairliúchán den sórt sin na haidhmeanna uile a leagtar amach sa phointe sin, féadfar an plean a choigeartú dá réir sin.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Faoin 24 Samhain 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunófar teimpléad aonair a bheidh le húsáid ag tionscnóirí tionscadail le haghaidh na n-iarratas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh an teimpléad aonair a léiriú conas a dhéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur in iúl. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Beidh méid na doiciméadachta atá le comhlánú sa teimpléad aonair dá dtagraítear sa chéad fhomhír réasúnta.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 trí ghlao oscailte le scoithdhátaí rialta. Socrófar an chéad scoithdháta den sórt sin tráth nach déanaí ná an 24 Lúnasa 2024. Déanfaidh an Coimisiún scoithdhátaí ina dhiaidh sin a shocrú 4 huaire ar a laghad sa bhliain.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún iarratasóirí a chur ar an eolas laistigh de 30 lá ón scoithdháta is infheidhme má mheasann sé go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas comhlánaithe. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an iarratasóir an fhaisnéis bhreise is gá a thíolacadh chun an t-iarratas a chomhlánú gan moill mhíchuí, lena sonraítear cén fhaisnéis bhreise a bheidh ag teastáil.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Déanfaidh an Coimisiún an Bord a chur ar an eolas faoi na hiarratais uile a mheastar a bheith comhlánaithe i gcomhréir le mír 4.
|
|
Airteagal 7 6.
|
Tiocfaidh an Bord le chéile go tráthrialta i gcomhréir le hAirteagal 36(5) chun tuairim a phlé agus a eisiúint i dtaobh, ar bhonn próiseas cothrom trédhearcach, an gcomhlíonann an tionscadal atá beartaithe na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1). Cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú ar fáil don Bhord i dtaobh an gcomhlíonann na tionscadail atá beartaithe na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) roimh na cruinnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Déanfaidh an Coimisiún an t-iarratas ina iomláine a tharchur chuig an mBallstát, an tríú tír nó OCT a mbaineann a gcríoch le tionscadal atá beartaithe.
|
|
Airteagal 7 8.
|
Ar bhonn agóid ón mBallstát a mbaineann a chríoch le tionscadal atá beartaithe, ní dhéanfar an tionscadal a mheas le haghaidh aitheantas mar Thionscadail Straitéiseach. Tabharfaidh an Ballstát an bunús lena agóid le linn na bpléití dá dtagraítear i mír 4. I gcás Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha, nó OCTanna, roinnfidh an Coimisiún an t-iarratas a gheofar leis an tríú tír nó an OCT a mbaineann a críoch leis an tionscadal atá beartaithe. Ní fhormheasfaidh an Coimisiún an t-iarratas sula bhfaighidh sé formheas sainráite ó thríú tír is ábhartha.
|
|
Airteagal 7 9.
|
Déanfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird dá dtagraítear i mír 6 á cur san áireamh aige, a chinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don tionscadal mar Thionscadal Straitéiseach a ghlacadh laistigh de 90 lá tar éis chomhláine an iarratais a admháil i gcomhréir le mír 4 agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir ina leith sin. Beidh cinneadh an Choimisiúin réasúnaithe. Soláthróidh an Coimisiún a chinneadh don Bhord agus don Bhallstát nó leis an tríú tír a mbaineann a gcríoch leis an tionscadal.
|
|
Airteagal 7 10.
|
I gcásanna eisceachtúla, i gcás inar gá sin de bharr chineál, chastacht nó mhéid an iarratais nó i gcás ina bhfuil líon na n-iarratas a fhaightear roimh scoithdháta áirithe ró-ard chun a fhágáil gur féidir iarratais a phróiseáil laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 9, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn cás ar chás agus tráth nach déanaí ná 20 lá roimh dhul in éag don teorainn ama dá dtagraítear i mír 9, síneadh 90 lá ar a mhéad a chur leis an teorainn ama sin. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt leis an síneadh agus leis an teorainn ama don chinneadh.
|
|
Airteagal 7 11.
|
I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach gcomhlíonann Tionscadal Straitéiseach na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) a thuilleadh nó, i gcás ina raibh a aitheantas bunaithe ar iarratas ina raibh faisnéis atá mícheart sa mhéid go ndéanann sé difear dá chomhlíonadh leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1), féadfaidh sé, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh aige, aitheantas tionscadail mar Thionscadal Straitéiseach a tharraingt siar. Sula nglacfaidh sé cinneadh an t-aitheantas sin a tharraingt siar, déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá lena chinneadh a sholáthar don tionscnóir tionscadail, tabharfar deis don tionscnóir tionscadail freagra a thabhairt ar an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún freagra an tionscnóra tionscadail san áireamh.
|
|
Airteagal 7 12.
|
Tionscadail nach n-aithnítear a thuilleadh mar Thionscadail Straitéiseacha, caillfidh siad na cearta uile a bhaineann leis an stádas sin faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 7 13.
|
Tionscadail Straitéiseacha nach gcomhlíonann a thuilleadh na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) de bharr nuashonrú ar Iarscríbhinn I, agus dá bharr sin amháin, beidh cead acu a stádas mar Thionscadal Straitéiseach a choinneáil ar feadh 3 bliana ó dháta an nuashonraithe sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|