+Airteagal 7 1.

Airteagal 7 1.

Maidir le hiarratais ar aitheantas a thabhairt do thionscadal amhábhair chriticiúil mar Thionscadal Straitéiseach, cuirfidh an tionscnóir tionscadail na hiarratais sin faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a) 

fianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 6(1);

(b) 

aicmiú an tionscadail de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní, le tacaíocht ó fhianaise iomchuí;

(c) 

clár ama chun an tionscadal a chur chun feidhme, lena n-áirítear forléargas ar na ceadanna is gá don tionscadal agus stádas an phróisis chomhfhreagraigh deonaithe ceadanna;

(d) 

plean ina mbeidh bearta chun glacadh an phobail a éascú lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun éascú a dhéanamh ar rannpháirtíocht fhónta agus rannpháirteachas gníomhach na bpobal dá ndéantar difear, bealaí cumarsáide athfhillteacha a bhunú le pobail áitiúla, eagraíochtaí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus údaráis ábhartha, agus feachtais múscailte feasachta agus faisnéise agus sásraí ionchasacha um maolú agus um chúiteamh a chur chun feidhme;

(e) 

faisnéis maidir le rialú na ngnóthas atá rannpháirteach sa tionscadal, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ( 3 ) ón gComhairle, agus, i gcás ina bhfuil gnóthais iomadúla rannpháirteach, faisnéis ina gcuirtear síos ar rannpháirtíocht choibhneasta gach gnóthais sa tionscadal;

(f) 

plean gnó ina ndéanfar measúnú ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail;

(g) 

meastachán ar ionchasacht an tionscadail chun poist ardcháilíochta a chruthú agus riachtanais an tionscadail ó thaobh lucht saothair oilte de agus plean oibre chun tacú le huas-sciliú agus athsciliú agus ionadaíocht chuimsitheach an luchta saothair a chur chun cinn;

(h) 

i gcás tionscadail i dtríú tíortha nó in OCTanna lena mbaineann eastóscadh, plean chun feabhas a chur ar bhail na láithreán dá ndéantar difear ó thaobh an chomhshaoil de tar éis dheireadh an tsaothraithe, d’fhonn an bhail a bhí air ó thaobh an chomhshaoil de roimhe sin a athbhunú agus an indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch á cur san áireamh;

(i) 

i gcás tionscadail a bhaineann go heisiach le próiseáil nó le hathchúrsáil atá lonnaithe i limistéir atá faoi chosaint de bhun Threoir 92/43/CEE nó Threoir 2009/147/CE, tuairisc ar na suíomhanna malartacha atá iomchuí go teicniúil, arna measúnú ag an tionscnóir tionscadail, agus an fáth a mheastar nach bhfuil siad iomchuí i gcomhair shuíomh an tionscadail;

(j) 

i gcás tionscadail a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phobail dhúchasacha, plean ina mbeidh bearta atá tiomnaithe do chomhairliúchán fónta leis na pobail dhúchasacha dá ndéantar difear, faoi chosc agus íoslaghdú na ndrochthionchar ar phobail dhúchasacha agus, i gcás inarb iomchuí, faoi chúiteamh cóir do na daoine sin, mar aon le bearta chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí an chomhairliúcháin.

I gcás ina bhfuil forálacha don chomhairliúchán dá dtagraítear i bpointe (j) den chéad fhomhír i ndlí náisiúnta na tíre a mbaineann a críoch le tionscadal agus ar choinníoll go gcumhdaítear le comhairliúchán den sórt sin na haidhmeanna uile a leagtar amach sa phointe sin, féadfar an plean a choigeartú dá réir sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.