|
+Airteagal 20 3. |
Airteagal 20 3.Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach sa bhuan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (e) go ndéanfar tástáil struis i leith shlabhra soláthair gach amhábhair straitéisigh gach 3 bliana ar a laghad nó má bhraitear méadú suntasach ar rioscaí soláthair mar thoradh ar an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Chuige sin, déanfaidh an buan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (e) cur chun feidhme tástálacha struis do na hamhábhair straitéiseacha éagsúla a chomhordú agus a roinnt idir na húdaráis rannpháirteacha éagsúla. Is é a bheidh sna tástálacha struis dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú ar a leochailí atá i slabhra soláthair amhábhar criticiúil an Aontais d’amhábhair straitéiseacha ábhartha i leith suaitheadh soláthair trí thionchar na gcásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le suaitheadh soláthair den sórt sin agus a n-éifeachtaí ionchasacha a mheas, agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:
(a)
i gcás ina ndéantar an t-amhábhar lena mbaineann a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil;
(b)
acmhainneachtaí oibreoirí eacnamaíocha feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil chomh maith le struchtúr an mhargaidh;
(c)
tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar, lena n-áirítear an staid gheopholaitiúil, lóistíocht, soláthar fuinnimh, lucht saothair nó tubaistí nádúrtha, ach gan bheith teoranta dóibh sin;
(d)
infhaighteacht foinsí soláthair agus an cumas foinsí soláthair a éagsúlú go mear, ábhair a ionadú nó éileamh a mhaolú;
(e)
úsáideoirí an amhábhair straitéisigh ábhartha feadh an tslabhra luacha agus a gcion den éileamh, agus aird ar leith á tabhairt ar mhonarú teicneolaíochtaí atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach chomh maith le feidhmeanna cosanta agus aeraspáis.
(f)
bacainní ionchasacha ar thrádáil trasteorann amhábhar straitéiseach ábhartha nó earraí a úsáideann amhábhair straitéiseacha mar ionchur laistigh den mhargadh inmheánach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|