+Airteagal 20
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.

Airteagal 20

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar rioscaí soláthair a bhaineann le hamhábhair chriticiúla, go háirithe na cinn sin a mbeadh baol ann go ndéanfaidís iomaíocht a shaobhadh nó an margadh inmheánach a ilroinnt.

Cuimseofar san fhaireachán sin forbairt na bparaiméadar seo a leanas ar a laghad:

(a) 

sreafaí trádála idir an tAontas agus tríú tíortha agus laistigh den mhargadh inmheánach;

(b) 

éileamh agus soláthar;

(c) 

comhchruinniú soláthair;

(d) 

táirgeadh agus acmhainneachtaí táirgeachta an Aontais agus an domhain ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha amhábhar criticiúil.

(e) 

luaineacht praghsanna;

(f) 

scrogaill ag aon chéim de tháirgeadh an Aontais agus scrogaill a cheadú do Thionscadail Straitéiseacha laistigh den Aontas;

(g) 

bacainní ionchasacha ar thrádáil amhábhar criticiúil nó earraí a úsáideann amhábhair chriticiúla mar ionchur laistigh den mhargadh inmheánach.

Airteagal 20 2.

Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach sa bhuan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (e) tacaíocht don Choimisiún leis an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

faisnéis ábhartha atá ar fáil acu faoi fhorbairt na bparaiméadar a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a roinnt, seachas Airteagal 20(1), pointe (e) de, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21;

(b) 

faisnéis a bhailiú, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis rannpháirteacha eile, faoi fhorbairt na bparaiméadar a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21;

(c) 

anailís a sholáthar ar na rioscaí soláthair a bhaineann le hamhábhair chriticiúla i bhfianaise fhorbairt na bparaiméadar a liostaítear i mír 1;

(d) 

an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill má fhaigheann an Ballstát amach go bhfuil riosca ann go gcuirfí isteach go mór ar sholáthar i ndáil le hamhábhair criticiúla.

Airteagal 20 3.
Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach sa bhuan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (e) go ndéanfar tástáil struis i leith shlabhra soláthair gach amhábhair straitéisigh gach 3 bliana ar a laghad nó má bhraitear méadú suntasach ar rioscaí soláthair mar thoradh ar an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Chuige sin, déanfaidh an buan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (e) cur chun feidhme tástálacha struis do na hamhábhair straitéiseacha éagsúla a chomhordú agus a roinnt idir na húdaráis rannpháirteacha éagsúla.

Is é a bheidh sna tástálacha struis dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú ar a leochailí atá i slabhra soláthair amhábhar criticiúil an Aontais d’amhábhair straitéiseacha ábhartha i leith suaitheadh soláthair trí thionchar na gcásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le suaitheadh soláthair den sórt sin agus a n-éifeachtaí ionchasacha a mheas, agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:

(a) 

i gcás ina ndéantar an t-amhábhar lena mbaineann a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil;

(b) 

acmhainneachtaí oibreoirí eacnamaíocha feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil chomh maith le struchtúr an mhargaidh;

(c) 

tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar, lena n-áirítear an staid gheopholaitiúil, lóistíocht, soláthar fuinnimh, lucht saothair nó tubaistí nádúrtha, ach gan bheith teoranta dóibh sin;

(d) 

infhaighteacht foinsí soláthair agus an cumas foinsí soláthair a éagsúlú go mear, ábhair a ionadú nó éileamh a mhaolú;

(e) 

úsáideoirí an amhábhair straitéisigh ábhartha feadh an tslabhra luacha agus a gcion den éileamh, agus aird ar leith á tabhairt ar mhonarú teicneolaíochtaí atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach chomh maith le feidhmeanna cosanta agus aeraspáis.

(f) 

bacainní ionchasacha ar thrádáil trasteorann amhábhar straitéiseach ábhartha nó earraí a úsáideann amhábhair straitéiseacha mar ionchur laistigh den mhargadh inmheánach.

Airteagal 20 4.

Déanfaidh an Coimisiún deais faireacháin a thabharfaidh sé cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, agus ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis chomhiomlánaithe faoi fhorbairt na bparaiméadar dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

tuairisc chomhiomlánaithe ar ríomh an riosca soláthair d’amhábhair chriticiúla i bhfianaise na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;

(c) 

i gcás inarb iomchuí, moltaí ginearálta i dtaobh straitéisí oiriúnacha um maolú chun riosca an tsoláthair a laghdú, ach amháin má chuirtear le cur ar fáil go poiblí na moltaí ginearálta sin cosaint rún trádála nó gnó nó faisnéis íogair, rúnda nó rúnaicmithe eile i mbaol.

Airteagal 20 5.
Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis arna bailiú de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse, go dtugtar léiriú soiléir ar an riosca a bhaineann le suaitheadh soláthair ar dócha go ndéanfaidh sé saobhadh ar an iomaíocht nó an margadh inmheánach a ilroinnt, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit, an Bord agus comhlachtaí rialachais an Aontais ar an eolas faoi shásraí airdill géarchéime nó sásraí bainistithe géarchéime a gcumhdaítear amhábhair straitéiseacha nó chriticiúla ábhartha ina raon feidhme. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin i dtaobh an gá liosta na n-amhábhar straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta leis an riosca sin de bhun Airteagal 3(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.