+Airteagal 1
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
|
Airteagal 1
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Bunaítear leis an Rialachán seo creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú nach mór táirgí a chomhlíonadh chun go gcuirfear ar an margadh iad nó chun go gcuirfear i seirbhís iad, agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí chun go mbeidh táirgí inbhuanaithe ar na gnáth-tháirgí agus chun an lorg foriomlán carbóin agus an lorg comhshaoil le linn a saolré a laghdú, agus chun a saorghluaiseacht laistigh den mhargadh inmheánach a áirithiú. Leis an Rialachán seo freisin, bunaítear pas táirge digiteach, déantar foráil maidir le ceanglais éigeantacha maidir le soláthar poiblí glas a leagan síos agus cruthaítear creat chun cosc a chur ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon earraí fisiceacha a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse, lena n-áirítear comhpháirteanna agus táirgí idirmheánacha. Níl feidhm aige, áfach, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
bia mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
(b)
beatha mar a shainmhínítear í in Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
(c)
táirgí íocshláinte mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Threoir 2001/83/CE;
(d)
táirgí íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/6;
(e)
plandaí beo, ainmhithe agus miocrorgánaigh;
(f)
táirgí de thionscnamh an duine;
(g)
táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo;
(h)
feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/858, i leith na ngnéithe táirge sin a leagtar ceanglais síos ina leith faoi ghníomhartha reachtacha earnáilsonracha de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis na feithiclí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|