|
+Airteagal 1 2. |
Airteagal 1 2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon earraí fisiceacha a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse, lena n-áirítear comhpháirteanna agus táirgí idirmheánacha. Níl feidhm aige, áfach, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
bia mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
(b)
beatha mar a shainmhínítear í in Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
(c)
táirgí íocshláinte mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Threoir 2001/83/CE;
(d)
táirgí íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/6;
(e)
plandaí beo, ainmhithe agus miocrorgánaigh;
(f)
táirgí de thionscnamh an duine;
(g)
táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo;
(h)
feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/858, i leith na ngnéithe táirge sin a leagtar ceanglais síos ina leith faoi ghníomhartha reachtacha earnáilsonracha de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis na feithiclí sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|