|
+Airteagal 5 10. |
Airteagal 5 10.Agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht le dlí eile an Aontais a áirithiú agus déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)
na nithe seo a leanas a chur i gcuntas:
(i)
tosaíochtaí an Aontais maidir leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht fuinnimh, éifeachtúlacht agus slándáil acmhainní, lena n-áirítear geilleagar ciorclach neamhthocsaineach, agus tosaíochtaí agus spriocanna gaolmhara eile de chuid an Aontais;
(ii)
dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugtar aghaidh faoi ar na gnéithe táirge ábhartha;
(iii)
comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha;
(iv)
bearta féinrialála;
(v)
dlí náisiúnta ábhartha maidir leis an gcomhshaol;
(vi)
caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha;
(b)
measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus, i gcás inarb iomchuí, ar staidéir bhreise agus ar thorthaí taighde arna dtáirgeadh faoi chláir chistiúcháin an Aontais. Ní chuirfear moill mhíchuí ar shocrú ceanglas éicidhearthóireachta a bhaineann leis na gnéithe áirithe de tháirgí de dheasca éiginnteachtaí maidir leis an bhféidearthacht ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach chun feabhas a chur ar ghnéithe táirge eile den táirge sin. Sna measúnuithe tionchair, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(i)
an mhodheolaíocht a bheidh úsáidte a léiriú;
(ii)
a áirithiú go ndéanfar anailís ar na gnéithe táirge uile agus go mbeidh doimhneacht na hanailíse ar na gnéithe táirge comhréireach leis an tábhacht atá leo don táirge lena mbaineann;
(iii)
a áirithiú go ndéanfar anailís ar idirthuilleamaíochtaí idir na gnéithe éagsúla táirge;
(iv)
na hathruithe a bhfuiltear ag dréim leo ó thaobh tionchair ar an gcomhshaol de a leagan amach, lena n-áirítear iad a chainníochtú mar lorg carbóin agus lorg comhshaoil nuair is féidir;
(v)
anailís a dhéanamh ar infhaighteacht bunábhair don earnáil athchóirithe, i gcás inarb iomchuí;
(vi)
anailís a dhéanamh ar aon tionchar ábhartha ar shláinte an duine;
(vii)
breithniú a dhéanamh ar leibhéal íosta feidhmíochta táirge nó grúpa táirgí is gá chun tosaíochtaí an Aontais mar a liostaítear i b pointe (a)(i), a bhaint amach anseo;
(c)
faisnéis theicniúil ábhartha arna húsáid mar bhonn le dlí nó ionstraimí an Aontais nó arna díorthú uathu a chur san áireamh, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, Treoir 2010/75/AE, critéir scagtha theicniúla arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/852 agus critéir AE um sholáthar poiblí glas;
(d)
cosaint faisnéise gnó rúnda a chur san áireamh;
(e)
na tuairimí arna gcur in iúl ag an bhFóram Éicidhearthóireachta dá dtagraítear in Airteagal 19 agus ag Grúpa Saineolaithe na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 20 a chur i gcuntas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|