+Airteagal 5
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.
---+Airteagal 5 11.
---+Airteagal 5 12.
---+Airteagal 5 13.
---+Airteagal 5 14.

Airteagal 5

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.

Chun aghaidh a thabhairt ar thionchair chomhshaoil agus bunaithe ar na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, beidh na ceanglais éicidhearthóireachta sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 de chineál a fheabhsóidh na gnéithe táirge seo a leanas (‘gnéithe táirge’) i gcás ina mbeidh na gnéithe táirge sin ábhartha don ghrúpa táirgí lena mbaineann:

(a) 

marthanacht;

(b) 

iontaofacht;

(c) 

in-athúsáidteacht;

(d) 

in-uasghrádaitheacht;

(e) 

indeisitheacht;

(f) 

an fhéidearthacht cothabháil nó athfheistiú a dhéanamh;

(g) 

substaintí ar ábhar imní iad a bheith i dtáirgí;

(h) 

úsáid fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh;

(i) 

úsáid uisce agus éifeachtúlacht uisce;

(j) 

úsáid acmhainní agus éifeachtúlacht acmhainní;

(k) 

cion athchúrsáilte;

(l) 

an fhéidearthacht athmhonarú a dhéanamh;

(m) 

in-athchúrsáilteacht;

(n) 

an fhéidearthacht ábhair a aisghabháil;

(o) 

tionchair chomhshaoil, lena n-áirítear an lorg carbóin agus an lorg comhshaoil;

(p) 

an dramhaíl a mheastar a ghinfear.

Airteagal 5 2.
Áiritheofar le ceanglais éicidhearthóireachta, i gcás inarb ábhartha bunaithe ar pharaiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nach rachaidh táirgí i léig go hanabaí, ar chúiseanna lena n-áirítear roghanna dearaidh monaróirí, úsáid comhpháirteanna atá i bhfad níos laige ná comhpháirteanna eile, bac a chur ar phríomh-chomhpháirteanna a dhíchóimeáil, neamhfhaighteacht faisnéise faoi dheisiú nó páirteanna spártha, bogearraí gan a bheith ag feidhmiú a thuilleadh a thúisce a thugtar córas oibriúcháin cothrom le dáta nó nuashonruithe bogearraí gan a bheith á soláthar.
Airteagal 5 3.
Roghnóidh nó forbróidh an Coimisiún uirlisí nó modheolaíochtaí, de réir mar is gá, chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú.
Airteagal 5 4.
Déanfar ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú le haghaidh grúpaí táirgí sonracha. Féadfar iad a dhifreáil i gcás aon táirge sonrach a bhaineann le grúpa táirgí ar leith.
Airteagal 5 5.
Táirgí arb é an t-aon chuspóir atá leo fónamh don chosaint nó don tslándáil náisiúnta, déanfar iad a eisiamh ón ghrúpaí táirgí.
Airteagal 5 6.
Féadfaidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a shocrú freisin do na grúpaí táirgí sin nach bhfuil san áireamh sa phlean oibre dá dtagraítear in Airteagal 18.
Airteagal 5 7.
I gcás ina léiríonn dhá ghrúpa táirgí go bhfuil cosúlacht amháin nó níos mó eatarthu a fhágann gur féidir feabhas éifeachtach a chur ar ghné táirge bunaithe ar cheanglais choiteanna éicidhearthóireachta nó ar cheanglais feidhmíochta, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a shocrú le haghaidh na ngrúpaí táirgí sin (‘ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha’). Agus breithniú á dhéanamh aige i dtaobh ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a shocrú, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas freisin éifeachtaí dearfacha an gceanglas sin i ndáil le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, go háirithe an cumas raon leathan grúpaí táirgí a chumhdach sa ghníomh tarmligthe céanna. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan síos do ghrúpa táirgí sonrach.
Airteagal 5 8.
Le ceanglas éicidhearthóireachta féadfar táirgí a thagann faoi raon feidhme birt féinrialála a áirítear sa liosta atá sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 21(3) a chumhdach, i gcás nach dtugann an beart féinrialála sin aghaidh ar na gnéithe táirgí a chumhdaítear leis an gceanglas éicidhearthóireachta sin.
Airteagal 5 9.

Áireofar ar na ceanglais éicidhearthóireachta, de réir mar is iomchuí chun feabhas a chur ar ghnéithe sonracha an táirge, ceachtar den dá rud seo a leanas nó iad araon:

(a) 

ceanglais feidhmíochta mar a leagtar amach in Airteagal 6;

(b) 

ceanglais faisnéise mar a leagtar amach in Airteagal 7.

Airteagal 5 10.

Agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht le dlí eile an Aontais a áirithiú agus déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

na nithe seo a leanas a chur i gcuntas:

(i) 

tosaíochtaí an Aontais maidir leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht fuinnimh, éifeachtúlacht agus slándáil acmhainní, lena n-áirítear geilleagar ciorclach neamhthocsaineach, agus tosaíochtaí agus spriocanna gaolmhara eile de chuid an Aontais;

(ii) 

dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugtar aghaidh faoi ar na gnéithe táirge ábhartha;

(iii) 

comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha;

(iv) 

bearta féinrialála;

(v) 

dlí náisiúnta ábhartha maidir leis an gcomhshaol;

(vi) 

caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha;

(b) 

measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus, i gcás inarb iomchuí, ar staidéir bhreise agus ar thorthaí taighde arna dtáirgeadh faoi chláir chistiúcháin an Aontais. Ní chuirfear moill mhíchuí ar shocrú ceanglas éicidhearthóireachta a bhaineann leis na gnéithe áirithe de tháirgí de dheasca éiginnteachtaí maidir leis an bhféidearthacht ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach chun feabhas a chur ar ghnéithe táirge eile den táirge sin. Sna measúnuithe tionchair, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(i) 

an mhodheolaíocht a bheidh úsáidte a léiriú;

(ii) 

a áirithiú go ndéanfar anailís ar na gnéithe táirge uile agus go mbeidh doimhneacht na hanailíse ar na gnéithe táirge comhréireach leis an tábhacht atá leo don táirge lena mbaineann;

(iii) 

a áirithiú go ndéanfar anailís ar idirthuilleamaíochtaí idir na gnéithe éagsúla táirge;

(iv) 

na hathruithe a bhfuiltear ag dréim leo ó thaobh tionchair ar an gcomhshaol de a leagan amach, lena n-áirítear iad a chainníochtú mar lorg carbóin agus lorg comhshaoil nuair is féidir;

(v) 

anailís a dhéanamh ar infhaighteacht bunábhair don earnáil athchóirithe, i gcás inarb iomchuí;

(vi) 

anailís a dhéanamh ar aon tionchar ábhartha ar shláinte an duine;

(vii) 

breithniú a dhéanamh ar leibhéal íosta feidhmíochta táirge nó grúpa táirgí is gá chun tosaíochtaí an Aontais mar a liostaítear i b pointe (a)(i), a bhaint amach anseo;

(c) 

faisnéis theicniúil ábhartha arna húsáid mar bhonn le dlí nó ionstraimí an Aontais nó arna díorthú uathu a chur san áireamh, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, Treoir 2010/75/AE, critéir scagtha theicniúla arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/852 agus critéir AE um sholáthar poiblí glas;

(d) 

cosaint faisnéise gnó rúnda a chur san áireamh;

(e) 

na tuairimí arna gcur in iúl ag an bhFóram Éicidhearthóireachta dá dtagraítear in Airteagal 19 agus ag Grúpa Saineolaithe na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 20 a chur i gcuntas.

Airteagal 5 11.

Comhlíonfaidh ceanglais éicidhearthóireachta na critéir seo a leanas:

(a) 

ní bheidh tionchar diúltach suntasach ar bith ar fheidhmiúlacht an táirge, ó thaobh dhearcadh an úsáideora de;

(b) 

ní bheidh aon éifeacht dhíobhálach ar shláinte ná ar shábháilteacht daoine;

(c) 

ní bheidh aon tionchar diúltach suntasach ar thomhaltóirí ó thaobh inacmhainneacht táirgí ábhartha de, agus rochtain ar tháirgí athláimhe, marthanacht agus costas saolré táirgí á gcur i gcuntas freisin;

(d) 

ní bheidh aon tionchar diúltach díréireach ar iomaíochas oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe eile sa slabhra luacha, lena n-áirítear FBManna, go háirithe micrifhiontair;

(e) 

ní fhorchuirfear aon teicneolaíocht dhílsithe ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eile sa slabhra luacha;

(f) 

ní bheidh aon ualach riaracháin díréireach ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eile sa slabhra luacha, lena n-áirítear FBManna, go háirithe ar mhicrifhiontair.

Airteagal 5 12.
Beidh na ceanglais éicidhearthóireachta infhíoraithe. Sainaithneoidh an Coimisiún modhanna iomchuí fíorúcháin maidir le ceanglais éicidhearthóireachta shonracha, lena n-áirítear seiceálacha díreacha ar an táirge nó ar bhonn na doiciméadachta teicniúla.
Airteagal 5 13.
Foilseoidh an Coimisiún staidéir agus anailísí ábhartha, lena n-áirítear na measúnuithe tionchair dá dtagraítear i mír 10, pointe (b), arna n-úsáid chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach.
Airteagal 5 14.

I gcás gach grúpa táirgí a mbaineann ceanglais éicidhearthóireachta leo, cinnfidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, cé na substaintí a thagann faoin sainmhíniú in Airteagal 2(27), pointe (d), á chur san áireamh dó, ar a laghad, cibé:

(a) 

bunaithe ar theicneolaíochtaí caighdeánacha, a fhágann na substaintí an próiseas athúsáide nó athchúrsála a bheith níos casta, níos costasaí, tionchar níos mó a bheith aige ar an gcomhshaol, nó a bheith níos éilithí ar fhuinneamh nó ar acmhainní;

(b) 

a dhéanann na substaintí dochar d’airíonna nó feidhmiúlachtaí teicniúla, úsáideacht nó luach an ábhair athchúrsáilte a thagann as an táirge nó na dtáirgí a mhonaraítear as an ábhar athchúrsáilte sin;

(c) 

atá tionchar diúltach ag na substaintí ar airíonna aeistéitiúla nó boltanacha an ábhair athchúrsáilte.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.