|
+Airteagal 7 5. |
Airteagal 7 5.Mura bhforáiltear a mhalairt faoi mhír 6, pointe (b), leis na ceanglais faisnéise beidh sé indéanta na substaintí ar ábhar imní iad a rianú, i rith shaolré na dtáirgí lena mbaineann, mura rud é gur féidir rianú den sórt sin a dhéanamh cheana de bhun ceanglais faisnéise a leagtar síos i ngníomh tarmligthe eile a ghlactar de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí lena mbaineann, agus áireofar orthu na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
ainm nó cód uimhriúil na substaintí ar ábhar imní iad atá sa táirge, mar seo a leanas:
(i)
ainm in ainmníocht Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC), nó ainm idirnáisiúnta eile nuair nach bhfuil ainm IUPAC ar fáil;
(ii)
ainmneacha eile, lena n-áirítear gnáthainm, trádainm, giorrúchán;
(iii)
uimhir an Chomhphobail Eorpaigh (CE), mar a léirítear san Fhardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS), sa Liosta Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha ►C2 dá dtugtar fógra ◄ (ELINCS) nó sa Liosta Substaintí nach Polaiméirí iad a Thuilleadh (NLP) nó an uimhir arna sannadh ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), má tá sí ar fáil agus más iomchuí;
(iv)
ainm agus uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS), má tá siad ar fáil;
(b)
suíomh na substaintí ar ábhar imní iad laistigh den táirge;
(c)
tiúchan, uastiúchan nó raon tiúchana na substaintí ar ábhar imní iad, ar leibhéal an táirge, a chomhpháirteanna ábhartha, nó a pháirteanna spártha;
(d)
treoracha ábhartha maidir leis an táirge a úsáid go sábháilte;
(e)
faisnéis is ábhartha do dhíchóimeáil, ullmhú le haghaidh athúsáide, athúsáid, athchúrsáil agus bainistiú neamhdhíobhálach don chomhshaol ar an táirge ag deireadh a shaolré. Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí i gcás an ghrúpa táirgí lena mbaineann, tairseacha a leagan síos do cá huair atá feidhm le bheith ag an gceanglas faisnéise maidir le substaintí ar ábhar imní iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|