+Airteagal 30
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.

Airteagal 30

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.
Agus táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 á chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme.
Airteagal 30 2.

Sula gcuirfidh siad táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí an méid seo a leanas:

(a) 

go bhfuil an mharcáil CE ar an táirge i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 46 nó an mharcáil chomhréireachta arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 4(6) pointe (d), agus, i gcás inarb ábhartha, go bhfuil sé lipéadaithe nó nasctha le pas táirge digiteach i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe sin;

(b) 

go bhfuil na doiciméid is gá agus treoracha digiteacha ag gabháil leis an táirge, i dteanga is féidir leis na custaiméirí a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus go bhfuil na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus go n-áirítear iontu ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 27(7), sa cheathrú agus sa chuigiú fomhíreanna; agus

(c) 

gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27(5) agus (6) agus in Airteagal 29(3).

Airteagal 30 3.
I gcás ina measann dáileoirí, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, sula gcuirfear ar fáil ar an margadh é, nó nach bhfuil a mhonaróir ag comhlíonadh na gceanglas sin, ní chuirfidh siad an táirge ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge tugtha chun comhréireachta nó go dtí go gcomhlíonfaidh an monaróir na ceanglais sin.

Áiritheoidh dáileoirí, fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair an táirge comhlíonadh na gceanglas i mbaol a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

Airteagal 30 4.
Dáileoirí a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil táirge atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, áiritheoidh siad go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí.

Cuirfidh dáileoirí údaráis faireachais margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas láithreach faoin neamhchomhlíonadh amhrasta agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

Airteagal 30 5.
De bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad a bhfuil rochtain acu orthu ar fáil agus a bhfuil gá leo chun comhréireacht táirge a léiriú. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm páipéir nó leictreonach, laistigh de 15 lá ón uair a fhaigheann an t-údarás sin iarraidh.

Oibreoidh dáileoirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanfar chun aon chás a leigheas nach gcomhlíontar an gníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.