|
+Airteagal 30 2. |
Airteagal 30 2.Sula gcuirfidh siad táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil an mharcáil CE ar an táirge i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 46 nó an mharcáil chomhréireachta arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 4(6) pointe (d), agus, i gcás inarb ábhartha, go bhfuil sé lipéadaithe nó nasctha le pas táirge digiteach i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe sin;
(b)
go bhfuil na doiciméid is gá agus treoracha digiteacha ag gabháil leis an táirge, i dteanga is féidir leis na custaiméirí a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus go bhfuil na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus go n-áirítear iontu ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 27(7), sa cheathrú agus sa chuigiú fomhíreanna; agus
(c)
gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27(5) agus (6) agus in Airteagal 29(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|