|
+Airteagal 6 5 |
Airteagal 6 55. I ndiaidh gach cigireachta ullmhóidh na húdaráis inniúla tuarascáil ina sonrófar bunús dlí na cigireachta, na céimeanna den nós imeachta a leanadh, na torthaí ábhartha agus moltaí le haghaidh tuilleadh gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag an oibreoir, ag an ngnóthas, ag an oibreoir mianaigh nó ag an allmhaireoir, lena n-áirítear na spriocdhátaí dá gcur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla tuarascáil amháin a ullmhú lena gcumhdófar cigireachtaí éagsúla ar shócmhainní, láithreáin nó comhpháirteanna an oibreora, an ghnóthais, an oibreora mianaigh nó an allmhaireora chéanna ar choinníoll go ndéanfar na cigireachtaí sin roimh an gcéad chigireacht rialta eile. Tabharfar fógra maidir leis an tuarascáil don oibreoir, don ghnóthas, don oibreoir mianaigh nó don allmhaireoir lena mbaineann agus cuirfear ar fáil go poiblí í laistigh de 2 mhí ó dháta na cigireachta. I gcás inar ghearán a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7 ba shiocair leis an gcigireacht, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don ghearánach nuair a bheidh an tuarascáil ar fáil go poiblí. Cuirfidh na húdaráis inniúla an tuarascáil ar fáil go poiblí i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE. I gcás ina gcoinnítear faisnéis siar ar cheann amháin nó níos mó de na forais dá dtagraítear in Airteagal 4 den Treoir sin, sonróidh na húdaráis inniúla an cineál faisnéise a coinníodh siar agus na cúiseanna leis sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|