+Airteagal 28 5
|
Airteagal 28 5
5. Chun críocha an Airteagail seo, measfar bearta faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bheith coibhéiseach leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
tá amhola, gás nádúrtha agus gual faoi réir fíorú neamhspleách tríú páirtí atá coibhéiseach leis an bhfíorú a leagtar amach in Airteagail 8 agus 9 agus tá na nithe seo a leanas i bhfeidhm ag an táirgeoir atá bunaithe i dtríú tír:
|
(i)
|
maidir le hamhola agus gás nádúrtha, bearta faireacháin agus tuairiscithe lena n-áirithítear cainníochtú astaíochtaí meatáin atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach in Airteagal 12 nó faireachán agus tuairisciú ar leibhéal 5 de OGMP 2.0;
|
|
(ii)
|
maidir le gual, bearta faireacháin agus tuairiscithe atá coibhéiseach leis na bearta a leagtar amach in Airteagal 20; nó
|
|
|
(b)
|
tá creat rialála maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú i bhfeidhm ag an tríú tír sin maidir le táirgeoirí agus onnmhaireoirí atá bunaithe sa tríú tír sin agus a sholáthraíonn amhola, gás nádúrtha nó gual do mhargadh an Aontais agus tá an creat sin á chur i bhfeidhm ag an tríú tír sin, ar creat é atá coibhéiseach ar a laghad leis an gcreat sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas; go háirithe, tá sé léirithe ag an tríú tír go n-áirithítear leis na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe sin cainníochtú ar leibhéal na foinse agus an láithreáin ar a laghad agus tuairisciú rialta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach in Airteagal 12, maidir le hamhola agus gás nádúrtha, agus in Airteagal 20, maidir le gual, agus go bhfuil fíorú éifeachtach i bhfeidhm ag tríú páirtí neamhspleách atá coibhéiseach leis an méid a leagtar amach in Airteagail 8 agus 9, chomh maith le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|