+Airteagal 5 Scaradh bonn sócmhainní rialála
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
---+Airteagal 5 6

Airteagal 5 Scaradh bonn sócmhainní rialála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1

1.   I gcás ina soláthraíonn oibreoir córais tarchuir, oibreoir córais dáileacháin nó oibreoir gréasáin hidrigine seirbhísí rialáilte do ghás nádúrtha, hidrigine nó leictreachais, comhlíonfaidh sé an ceanglas maidir le díchuachadh cuntas mar a leagtar síos in Airteagal 75 de Threoir (AE) 2024/1788 agus in Airteagal 56 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) agus beidh bonn sócmhainní rialála ar leithligh aige le haghaidh sócmhainní gáis nádúrtha, hidrigine nó leictreachais. Leis an mbonn sócmhainní rialála ar leithligh sin áiritheofar:

(a)

nach féidir ioncam seirbhísí a fhaightear ó sholáthar seirbhísí rialáilte ar leith a úsáid ach amháin le haghaidh aisghabháil an chaipitil agus an chaiteachais oibríochtúil a bhaineann leis na sócmhainní a chuimsítear sa bhonn sócmhainní rialála ar ar soláthraíodh na seirbhísí rialáilte;

(b)

nuair a aistrítear sócmhainní chuig bonn sócmhainní rialála difriúil, go mbunófar a luach, faoi réir iniúchadh agus formheas ag an údarás rialála agus gurb amhlaidh nach dtarlóidh tras-fhóirdheontais.

Airteagal 5 2

2.   Ní dhéanfaidh Ballstát aistrithe airgeadais a cheadú idir seirbhísí rialáilte ar seirbhísí ar leithligh iad de réir bhrí mhír 1.

Airteagal 5 3

3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’oibreoirí gréasáin hidrigine aisghabháil na gcostas gréasáin hidrigine a leathadh trí tharaifí rochtana gréasáin le himeacht ama chun a áirithiú go ranníocfaidh úsáideoirí amach anseo go cuí le costais forbartha tosaigh gréasáin hidrigine. Beidh leithdháileadh idir-ama costas den sórt sin agus a mhodheolaíocht fholuiteach faoi réir fhormheas an údaráis rialála. Féadfaidh na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm, amhail ráthaíocht Stáit, chun riosca airgeadais na n-oibreoirí gréasáin hidrigine a chumhdach, ar riosca é a bhaineann leis an mbearna aisghabhála costas tosaigh a eascraíonn as leithdháileadh idir-ama costas a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíonann na bearta sin Airteagal 107 CFAE.

Airteagal 5 4

4.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát aistrithe airgeadais a cheadú idir seirbhísí rialáilte, ar seirbhísí rialáilte ar leithligh iad de réir bhrí mhír 1, ar choinníoll go bhfuil sé suite ag an údarás rialála nach bhfuil sé inmharthana gréasáin a mhaoiniú trí tharaifí rochtana gréasáin arna n-íoc ag a úsáideoirí gréasáin amháin. Déanfaidh an t-údarás rialála inter alia luach na n-aistrithe airgeadais réamh-mheasta, an tras-fhóirdheonú a thiocfaidh as sin idir úsáideoirí na ngréasán faoi seach agus cost-éifeachtúlacht na n-aistrithe airgeadais sin a mheas ina mheasúnú.

Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le haistriú airgeadais de réir bhrí na míre seo:

(a)

go mbailítear an t-ioncam uile is gá le haghaidh an aistrithe airgeadais mar mhuirear tiomnaithe;

(b)

nach mbailítear an muirear tiomnaithe ach amháin ó phointí scoir chuig custaiméirí deiridh atá lonnaithe laistigh de na Ballstáit chéanna ina bhfuil tairbhí an aistrithe airgeadais;

(c)

go ndéanann an t-údarás rialála an muirear tiomnaithe agus an t-aistriú airgeadais nó na modheolaíochtaí is bonn lena ríomh a fhormheas roimh a dteacht i bhfeidhm;

(d)

go bhfoilsítear an muirear tiomnaithe formheasta agus an t-aistriú airgeadais formheasta agus na modheolaíochtaí, i gcás ina ndéantar modheolaíochtaí a fhormheas, tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dháta a gcur chun feidhme;

(e)

go bhfuil fógra tugtha ag an mBallstát don Choimisiún agus do ACER gur cheadaigh sé aistrithe airgeadais.

Airteagal 5 5

5.   Féadfaidh an t-údarás rialála aistriú airgeadais agus muirear tiomnaithe dá dtagraítear i mír 4 a fhormheas, ar choinníoll:

(a)

go ngearrtar taraifí rochtana gréasáin ar úsáideoirí an bhoinn sócmhainní rialála a bhaineann tairbhe as aistriú airgeadais;

(b)

maidir le suim na n-aistrithe airgeadais agus an ioncaim seirbhísí arna bailiú trí tharaifí rochtana gréasáin, nach mó í ná an t-ioncam ceadaithe ná an sprioc-ioncam;

(c)

go bhformheastar aistriú airgeadais ar feadh tréimhse ama teoranta, agus nach faide an tréimhse sin ná aon trian den thréimhse dímheasa atá fágtha den bhonneagar lena mbaineann.

Airteagal 5 6

6.   Faoin 5 Lúnasa 2025, eiseoidh ACER moltaí d'oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí gréasáin hidrigine agus údaráis rialála maidir leis na modheolaíochtaí chun an leithdháileadh idir-ama costas a shocrú.

Déanfaidh ACER na moltaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad.

Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chun oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí gréasáin hidrigine agus údarás rialála maidir leis na modheolaíochtaí le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

cinneadh luach na sócmhainní a aistrítear chuig bonn sócmhainní rialála eile agus ceann scríbe aon bhrabús agus caillteanas a d’fhéadfadh tarlú dá bharr sin;

(b)

ríomh mhéid agus fhad uasta agus aistrithe airgeadais agus an mhuirir thiomanta;

(c)

na critéir chun ranníocaíochtaí a leithdháileadh ar an muirear tiomanta idir na custaiméirí deiridh a mbaineann an bonn sócmhainní rialála leo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.