+Airteagal 6 Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le hoibreoirí córais tarchuir
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
---+Airteagal 6 7

Airteagal 6 Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le hoibreoirí córais tarchuir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1

1.   Déanfaidh oibreoirí córais tarchuir an méid seo a leanas:

(a)

acmhainn agus seirbhísí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach a thairiscint do na húsáideoirí gréasáin uile;

(b)

acmhainn atá docht agus in-idirbhriste araon a sholáthar; léireofar i bpraghas na hacmhainne in-idirbhriste an dóchúlacht go dtarlóidh idirbhriseadh;

(c)

acmhainn fhadtéarmach agus ghearrthéarmach a thairiscint d'úsáideoirí gréasáin.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), i gcás ina mbeidh an tseirbhís chéanna á tairiscint ag oibreoir córais tarchuir do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh faoi théarmaí agus faoi choinníollacha conarthacha coibhéiseacha, agus conarthaí comhchuibhithe iompair á n-úsáid aige nó cód coiteann gréasáin arna fhormheas ag an údarás rialála i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 78 nó 79 de Threoir (AE) 2024/1788.

Airteagal 6 2

2.   Faoin 5 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

meastóireacht ar an tionchar a bheidh ag córas taraifí ar an gcóras gáis nádúrtha a fhágann nach ngearrfar aon taraifí ar rochtain ar chórais tarchuir ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit, nó ag pointí idirnaisc le tríú tíortha a nascann a gcórais dhá Bhallstát nó níos mó; agus

(b)

tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní a shainaithnítear sa mheastóireacht.

Airteagal 6 3

3.   Ní bheidh de thoradh ar chonarthaí iompair a síníodh agus dátaí tosaithe neamhchaighdeánacha acu nó ar giorra a ré ná ré conartha chaighdeánaigh bhliantúil iompair, go mbeidh taraifí ann atá níos airde nó níos ísle go treallach ar taraifí iad nach léiríonn luach margaidh na seirbhíse, i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 17(1).

Airteagal 6 4

4.   I gcás ina nascfaidh dhá phointe idirnaisc nó níos mó an dá chóras iontrála-scoir chóngaracha chéanna, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann an acmhainneacht a bheidh ar fáil ag na pointí idirnaisc a thairiscint ag aon phointe idirnaisc fíorúil amháin. Déanfar aon acmhainn chonarthach ag na pointí idirnaisc, gan beann ar an dáta dul in éag, a aistriú chuig an bpointe idirnaisc fíorúil.

Ní dhéanfar pointe idirnaisc fíorúil a bhunú ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an toilleadh teicniúil iomlán ag na pointí fíorúla idirnaisc cothrom le suim na dtoilltí teicniúla ag gach ceann de na pointí idirnaisc a bheidh ag rannchuidiú leis na pointí idirnaisc fíorúla nó níos airde ná í;

(b)

leis an bpointe idirnaisc, éascaítear úsáid eacnamaíoch agus éifeachtúil an chórais lena n-áirítear na rialacha a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11.

Airteagal 6 5

5.   I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana tríú páirtithe a dheonú, faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí gréasáin maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní bheidh na ráthaíochtaí sin ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus beidh siad neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.

Airteagal 6 6

6.   Beidh rochtain ag oibreoirí córais tarchuir, más gá sin, chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh lena n-áirítear i ndáil le tarchur trasteorann, ar ghréasán oibreoirí córais tarchuir eile.

Airteagal 6 7

7.   Beidh mír 1 go mír 6 gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit bearta comhréireacha a dhéanamh chun srian sealadach a chur ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise agus ón mBealarúis, ar feadh téarma seasta, a fhéadfar a athnuachan má tá údar leis, trí thairiscintí tosaigh ar acmhainn arna ndéanamh ag aon úsáideoir gréasáin aonair ag pointí iontrála ó Chónaidhm na Rúise nó ón mBealarúis a theorannú ar feadh téarma seasta i gcás inar gá sin chun a leasanna bunúsacha slándála agus leasanna slándála an Aontais a chosaint, agus ar choinníoll:

(a)

nach gcuireann na bearta sin isteach go míchuí ar fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an gháis nádúrtha agus ar shreabha trasteorann gáis nádúrtha idir na Ballstáit, agus nach mbaineann siad an bonn de shlándáil an tsoláthair san Aontas nó i mBallstát;

(b)

go n-urramaítear leis na bearta sin prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh;

(c)

go nglactar na bearta sin i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát maidir le tríú tíortha.

Agus an gá atá le slándáil sholáthar an Aontais a áirithiú á chur i gcuntas, féadfaidh bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre a bheith dírithe ar sholáthairtí gáis nádúrtha a éagsúlú d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar ghás nádúrtha na Rúise, i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil gá leis na bearta sin chun a leasanna bunúsacha slándála agus leasanna slándála an Aontais a chosaint.

Sula ndéanfar cinneadh ar bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, a mhéid is dócha go ndéanfaidh an beart difear dóibh, le Ballstáit eile, Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, tríú tíortha is Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an aird is mó is féidir ar an staid sna Ballstáit sin agus sna tríú tíortha sin agus aon ábhair imní arna gcur in iúl ina leith sin ag na Ballstáit sin, ag na tríú tíortha sin nó ag an gCoimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.