+Airteagal 17 1

Airteagal 17 1

1.   Maidir le taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidtear chun iad a ríomh, arna gcur i bhfeidhm ag na hoibreoirí córais tarchuir agus arna bhformheas ag na húdaráis rialála de bhun Airteagal 78(7) de Threoir (AE) 2024/1788, chomh maith leis na taraifí arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 31(1) den Treoir sin, beidh siad trédhearcach, cuirfear i gcuntas iontu an gá atá le sláine an chórais agus lena fheabhsú agus léireoidh siad na costais iarbhír a thabhaítear, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus inchomparáide ó thaobh struchtúir de, agus a mhéid atá na costais sin trédhearcach, agus toradh iomchuí san áireamh ar infheistíochtaí. Maidir leis na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, cuirfear i bhfeidhm ar shlí neamh-idirdhealaitheach iad.

Maidir le taraifí, féadfar iad a chinneadh freisin trí shocruithe margadhbhunaithe amhail ceantanna, ar choinníoll go mbeidh na socruithe sin agus an t-ioncam a eascróidh astu formheasta ag an údarás rialála.

Maidir le taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, éascóidh siad trádáil agus iomaíocht éifeachtúil sa ghás nádúrtha, agus ag an am céanna seachnóidh siad cros-fhóirdheontais idir úsáideoirí gréasáin agus soláthróidh siad dreasachtaí don infheistíocht agus an idir-inoibritheacht a chothabháil nó a chruthú do ghréasáin tarchuir.

Beidh na taraifí le haghaidh úsáideoirí gréasáin neamh-idirdhealaitheach agus socrófar iad go leithleach le haghaidh gach pointe iontrála sa chóras tarchuir agus gach pointe amach as. Maidir le pointí iontrála agus scoir, formheasfaidh na húdaráis rialála na sásraí chun costais a leithdháileadh agus an mhodheolaíocht chun rátaí a shocrú. Áiritheoidh na húdaráis rialála nach ndéanfar taraifí gréasáin a ríomh ar bhonn conairí conartha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.