+Airteagal 5 Cúraimí na n-údarás maoirseachta náisiúnta
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
|
Airteagal 5 Cúraimí na n-údarás maoirseachta náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Déanfaidh údarás maoirseachta náisiúnta na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin. Go háirithe, déanfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an méid seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin;
|
|
(b)
|
a fhíorú go ndéanann na soláthraithe seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), agus Airteagal 11(6), pointe (d), na ceanglais náisiúnta slándála agus chosanta a chomhlíonadh mura sannann an Ballstát an cúram sin d’údarás eile; cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas i gcás ina gcinneann sé an cúram sin a shannadh d’údarás eile;
|
|
(c)
|
gan dochar do Threoir 2014/25/AE agus do Threoir 2014/24/AE, rannchuidiú, nuair is ábhartha agus mar is iomchuí, le cur i bhfeidhm ceart na gceanglas soláthair i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo;
|
|
(d)
|
measúnú a dhéanamh ar an socrú praghsanna do sholáthar SCFanna agus é a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 12;
|
|
(e)
|
na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir lena gcúraimí faoi Airteagail 21 go 27 agus 29 go 32 agus laistigh de theorainneacha na gcúraimí sin agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 33;
|
|
(f)
|
maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le trédhearcacht chuntais na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta i gcomhréir le hAirteagal 36.
|
Chun críocha phointe (a), féadfaidh Ballstát a chinneadh an measúnú agus an mhaoirseacht a dhéantar ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa phointe sin ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta a shannadh dá údarás inniúil náisiúnta agus, i gcás den sórt sin, áiritheoidh sé go mbeidh acmhainní leordhóthanacha agus saineolas leordhóthanach ag an údarás inniúil náisiúnta sin chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Déanfaidh gach údarás maoirseachta náisiúnta, i gcomhar leis an údarás inniúil náisiúnta, agus gan dochar d’Airteagal 4(5), na gníomhaíochtaí riachtanacha faireacháin is gá, lena n-áirítear, mar is iomchuí, cigireachtaí agus iniúchtaí, chun gur féidir a shainaithint mura gcomhlíonann na heintitis atá faoi réir a mhaoirseachta faoin Rialachán seo na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.
Gan dochar d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, soláthróidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an measúnú arna dhéanamh aige don údarás inniúil náisiúnta maidir leis na ceanglais a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 i ndáil le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a bheith á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta. Áireofar sa mheasúnú sin, i gcás inarb iomchuí, moladh maidir leis an deimhniú a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139.
I gcás nach gcomhlíonann na heintitis a ndéantar maoirseacht orthu faoin Rialachán seo na ceanglais eile a leagtar amach sa Rialachán seo, forfheidhmeoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta na bearta ceartaitheacha is gá.
Comhlíonfaidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, na hoibreoirí aerfoirt agus na soláthraithe SCFanna lena mbaineann aon bhearta forfheidhmiúcháin a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sa chomhthéacs sin.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cinntí a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta de bhun an Airteagail seo faoi réir ceart achomhairc, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|