|
+Airteagal 5 2 |
Airteagal 5 22. Déanfaidh gach údarás maoirseachta náisiúnta, i gcomhar leis an údarás inniúil náisiúnta, agus gan dochar d’Airteagal 4(5), na gníomhaíochtaí riachtanacha faireacháin is gá, lena n-áirítear, mar is iomchuí, cigireachtaí agus iniúchtaí, chun gur féidir a shainaithint mura gcomhlíonann na heintitis atá faoi réir a mhaoirseachta faoin Rialachán seo na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin. Gan dochar d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, soláthróidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an measúnú arna dhéanamh aige don údarás inniúil náisiúnta maidir leis na ceanglais a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 i ndáil le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a bheith á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta. Áireofar sa mheasúnú sin, i gcás inarb iomchuí, moladh maidir leis an deimhniú a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139. I gcás nach gcomhlíonann na heintitis a ndéantar maoirseacht orthu faoin Rialachán seo na ceanglais eile a leagtar amach sa Rialachán seo, forfheidhmeoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta na bearta ceartaitheacha is gá. Comhlíonfaidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, na hoibreoirí aerfoirt agus na soláthraithe SCFanna lena mbaineann aon bhearta forfheidhmiúcháin a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sa chomhthéacs sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|